12008E156

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A TRÍ: BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS - TEIDEAL X: BEARTAS SÓISIALTA - Airteagal 156 (sean-Airteagal 140 CCE)

Official Journal 115 , 09/05/2008 P. 0117 - 0117


Airteagal 156

(sean-Airteagal 140 CCE)

Chun cuspóirí Airteagal 151 a ghnóthú agus gan dochar d'fhorálacha eile na gConarthaí, cothóidh an Coimisiún comhar idir na Ballstáit agus déanfaidh sé comhordú a ngníomhaíochta a éascú i réimsí uile an bheartais shóisialta faoin gcaibidil seo, go háirithe i gcúrsaí a bhaineann leis na nithe seo:

- fostaíocht;

- dlí an tsaothair agus dálaí oibre;

- gairmoiliúint bhunchéime agus ardchéime;

- slándáil shóisialta;

- tionóiscí agus galair cheirde a chosc;

- sláinteachas ceirde;

- an ceart chun dul i gcomhlachas, agus cómhargáil idir fostóirí agus oibrithe.

Chun na críche sin, gníomhóidh an Coimisiún i ndlúth-thadhall leis na Ballstáit trí staidéir a dhéanamh, tuairimí a thabhairt agus comhairliúcháin a shocrú i dtaobh fadhbanna a thagann chun cinn ar leibhéal náisiúnta agus fadhbanna is ábhar cúraim d'eagraíochtaí idirnáisiúnta, go háirithe trí thionscnaimh arb é is aidhm dóibh treoirlínte agus táscairí a bhunú, malairtí dea-chleachtais a eagrú agus na heilimintí is gá a ullmhú don fhaireachán tréimhsiúil agus don mheastóireacht thréimhsiúil. Coinneofar Parlaimint na hEorpa go hiomlán ar an eolas.

Sula dtabharfaidh an Coimisiún na tuairimí dá bhforáiltear san Airteagal seo, rachaidh sé i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

--------------------------------------------------