12008E132

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A TRÍ: BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS - TEIDEAL VIII: BEARTAS EACNAMAÍOCH AGUS AIRGEADAÍOCHTA - Caibidil 2: Beartas airgeadaíochta - Airteagal 132 (sean-Airteagal 110 CCE)

Official Journal 115 , 09/05/2008 P. 0104 - 0104


Airteagal 132

(sean-Airteagal 110 CCE)

1. D'fhonn na cúraimí a chuirtear de chúram ar CEBC a chomhlíonadh, déanfaidh an Banc Ceannais Eorpach i gcomhréir le forálacha na gConarthaí agus faoi na coinníollacha atá leagtha síos i Reacht an CEBC agus an BCE:

- rialacháin a dhéanamh a mhéad is gá chun na cúraimí atá sainithe sa chéad fhleasc d'Airteagal 3.1, in Airteagail 19.1, 22 nó 25.2 de Reacht an CEBC agus an BCE a chur chun feidhme agus i gcásanna a leagfar síos i ngníomhartha na Comhairle dá dtagraítear in Airteagal 129(4);

- cinntí a ghlacadh is gá chun na cúraimí a chuirtear de chúram ar CEBC faoi na Conarthaí agus faoi Reacht an CEBC agus an BCE a chomhlíonadh;

- moltaí agus tuairimí a thabhairt.

2. Féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach a chinneadh a chinntí, a mholtaí agus a thuairimí a fhoilsiú.

3. Faoi na teorainneacha agus faoi na coinníollacha arna nglacadh ag an gComhairle faoin nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 129(4), beidh an Banc Ceannais Eorpach i dteideal fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur ar ghnóthais mura gcomhlíonfar na hoibleagáidí faoina rialacháin agus faoina chinntí.

--------------------------------------------------