12008E115

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A TRÍ: BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS - TEIDEAL VII: COMHRIALACHA MAIDIR LE hIOMAÍOCHT, LE CÁNACHAS AGUS LE COMHFHOGASÚ REACHTAÍOCHTA - Caibidil 3: Dlíthe a chomhfhogasú - Airteagal 115 (sean-Airteagal 94 CCE)

Official Journal 115 , 09/05/2008 P. 0095 - 0095


Airteagal 115

(sean-Airteagal 94 CCE)

Gan dochar d'Airteagal 114, déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, treoracha a ghlacadh le haghaidh chomhfhogasú fhorálacha reachtaíochta nó rialúcháin nó riaracháin na mBallstát a dhéanann difear go díreach do bhunú nó d'oibriú an mhargaidh inmheánaigh.

--------------------------------------------------