12008E113

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A TRÍ: BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS - TEIDEAL VII: COMHRIALACHA MAIDIR LE hIOMAÍOCHT, LE CÁNACHAS AGUS LE COMHFHOGASÚ REACHTAÍOCHTA - Caibidil 2: Forálacha cánachais - Airteagal 113 (sean-Airteagal 93 CCE)

Official Journal 115 , 09/05/2008 P. 0094 - 0094


Airteagal 113

(sean-Airteagal 93 CCE)

Glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, na forálacha maidir le comhchuibhiú reachtaíochta a bhaineann le cánacha láimhdeachais, dleachtanna máil agus cineálacha eile cánachais indírigh a mhéad is gá an comhchuibhiú sin chun bunú agus oibriú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú agus chun saobhadh ar an iomaíocht a sheachaint.

--------------------------------------------------