12008E106

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A TRÍ: BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS - TEIDEAL VII: COMHRIALACHA MAIDIR LE hIOMAÍOCHT, LE CÁNACHAS AGUS LE COMHFHOGASÚ REACHTAÍOCHTA - Caibidil 1: Rialacha iomaíochta - Roinn 1: Rialacha a bhaineann le gnóthais - Airteagal 106 (sean-Airteagal 86 CCE)

Official Journal 115 , 09/05/2008 P. 0093 - 0091


Airteagal 106

(sean-Airteagal 86 CCE)

1. I gcás na ngnóthas poiblí agus na ngnóthas dá dtugann na Ballstáit cearta speisialta nó cearta eisiacha, ní achtóidh na Ballstáit, ná ní choinneoidh siad i bhfeidhm, aon bheart atá bunoscionn le rialacha na gConarthaí, go háirithe na rialacha dá bhforáiltear in Airteagal 18 agus in Airteagail 101 go 109.

2. Gnóthais arb é a gcúram seirbhísí a oibriú is seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne nó seirbhísí de chineál monaplachta fioscaí, beidh siad faoi réir rialacha na gConarthaí, go háirithe na rialacha iomaíochta, chomh fada is nach dtiocfaidh de na rialacha sin a chur chun feidhme bac ar chomhlíonadh, ó dhlí nó ó ghníomh, an chúraim áirithe a ceapadh dóibh. Caithfear gan cur as d'fhorbairt na trádála go feadh méid ba dhochar do leasanna an Aontais.

3. Féachfaidh an Coimisiún chuige go gcuirfear forálacha an Airteagail seo chun feidhme agus, nuair is gá sin, eiseoidh sé treoracha nó cinntí iomchuí chun na mBallstát.

--------------------------------------------------