Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A TRÍ: BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS - TEIDEAL IV: SAORGHLUAISEACHT DAOINE, SEIRBHÍSÍ AGUS CAIPITIL - Caibidil 3: Seirbhísí - Airteagal 60 (sean-Airteagal 53 CCE)
Official Journal 115 , 09/05/2008 P. 0071 - 0071
Airteagal 60 (sean-Airteagal 53 CCE) Féachfaidh na Ballstáit le seirbhísí a léirscaoileadh thar mar is gá de réir na dtreoracha a eiseofar de bhun Airteagal 59(1), má bhíonn a staid eacnamaíoch i gcoitinne agus bail na hearnála áirithe dá ngeilleagar á cheadú sin. Chuige sin, cuirfidh an Coimisiún moltaí faoi bhráid na mBallstát a bheidh i gceist. --------------------------------------------------