Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A TRÍ: BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS - TEIDEAL IV: SAORGHLUAISEACHT DAOINE, SEIRBHÍSÍ AGUS CAIPITIL - Caibidil 3: Seirbhísí - Airteagal 56 (sean-Airteagal 49 CCE)
Official Journal 115 , 09/05/2008 P. 0070 - 0070
Airteagal 56 (sean-Airteagal 49 CCE) Faoi chuimsiú na bhforálacha atá leagtha amach thíos, déanfar srianta ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar san Aontas a thoirmeasc i gcás náisiúnaigh de chuid Ballstáit atá bunaithe i mBallstát seachas Stát an duine dá bhfuil na seirbhísí ceaptha. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, forálacha na Caibidle seo a chur chun sochair do náisiúnaigh ó thríú tír a thugann seirbhísí agus atá bunaithe san Aontas. --------------------------------------------------