Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A TRÍ: BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS - TEIDEAL III: AN TALMHAÍOCHT AGUS AN tIASCACH - Airteagal 39 (sean-Airteagal 33 CCE)
Official Journal 115 , 09/05/2008 P. 0062 - 0063
Airteagal 39 (sean-Airteagal 33 CCE) 1. Is iad aidhmeanna an chomhbheartais talmhaíochta: (a) táirgiúlacht na talmhaíochta a mhéadú trí ascnamh teicniúil a chur chun cinn agus trína áirithiú go ndéanfar forbairt réasúnach ar tháirgeadh na talmhaíochta agus go n-úsáidfear mar is fearr is féidir na tosca táirgthe, go háirithe na hoibrithe; (b) mar sin, caighdeán cóir maireachtála a áirithiú don lucht talmhaíochta, go háirithe trí thuilleamh gach duine dá mbíonn ag gabháil don talmhaíocht a mhéadú; (c) margaí a chobhsú; (d) a chinntiú go mbíonn soláthairtí ar fáil; (e) a áirithiú go mbíonn soláthairtí á bhfáil ar phraghsanna réasúnta ag tomhaltóirí. 2. Ar an gcomhbheartas talmhaíochta agus na modhanna speisialta chun a fheidhmithe a bheith á n-oibriú amach, cuirfear na nithe seo a leanas san áireamh: (a) gníomhaíocht shainghnéitheach na talmhaíochta, mar gheall ar ghréasán sóisialta na talmhaíochta agus na difríochtaí sa ghréasán sin, agus na difríochtaí nádúrtha, ó réigiún talmhaíochta go chéile; (b) a riachtanaí atá sé na coigeartuithe is cuí a dhéanamh céim ar chéim; (c) an talmhaíocht sna Ballstáit a bheith ina hearnáil atá dlúth-tháite leis an ngeilleagar ina iomláine. --------------------------------------------------