Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A TRÍ: BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS - TEIDEAL I: AN MARGADH INMHEÁNACH - Airteagal 26 (sean-Airteagal 14 CCE)
Official Journal 115 , 09/05/2008 P. 0059 - 0059
Airteagal 26 (sean-Airteagal 14 CCE) 1. Glacfaidh an tAontas na bearta is gá chun margadh inmheánach a bhunú nó chun oibriú an mhargaidh sin a áirithiú, i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de na Conarthaí. 2. Is é rud a bheidh sa mhargadh inmheánach spás gan teorainneacha inmheánacha ina n-áiritheofar saorghluaiseacht earraí, daoine, seirbhísí agus caipitil de réir fhorálacha na gConarthaí. 3. Saineoidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, na treoirlínte agus na coinníollacha is gá chun ascnamh cothromúil a áirithiú i ngach ceann de na hearnálacha lena mbaineann. --------------------------------------------------