Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A hAON: PRIONSABAIL - TEIDEAL II: FORÁLACHA A bhFUIL FEIDHM GHINEARÁLTA ACU - Airteagal 17
Official Journal 115 , 09/05/2008 P. 0055 - 0055
Airteagal 17 1. Urramaíonn an tAontas an stádas faoin dlí náisiúnta atá ag eaglaisí agus ag comhlachais nó ag pobail reiligiúnacha sna Ballstáit agus ní dhéanann sé dochar don stádas sin. 2. Urramaíonn an tAontas mar an gcéanna an stádas faoin dlí náisiúnta atá ag eagraíochtaí fealsúnacha agus neamhfhaoistiniúla. 3. Agus aitheantas á thabhairt aige dá gcéannacht agus dá rannchuidiú sonrach, déanfaidh an tAontas agallamh oscailte, trédhearcach, tráthrialta a choimeád ar siúl leis na heaglaisí sin agus leis na heagraíochtaí sin. --------------------------------------------------