Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A hAON: PRIONSABAIL - TEIDEAL I: CATAGÓIRÍ AGUS RÉIMSÍ INNIÚLACHTA AN AONTAIS - Airteagal 4
Official Journal 115 , 09/05/2008 P. 0051 - 0052
Airteagal 4 1. Déanfaidh an tAontas inniúlacht a roinnt leis na Ballstáit nuair a thugann na Conarthaí inniúlacht dó nach mbaineann leis na réimsí dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 6. 2. Cuirfear i bhfeidhm inniúlachtaí a bheidh á roinnt idir an tAontas agus na Ballstáit sna príomhréimsí seo a leanas: (a) margadh inmheánach; (b) beartas sóisialta, i dtaca leis na gnéithe atá sainithe sa Chonradh seo; (c) comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach; (d) talmhaíocht agus iascach, amach ó acmhainní bitheolaíocha na mara a chaomhnú; (e) comhshaol; (f) cosaint tomhaltóirí; (g) iompar; (h) gréasáin thras-Eorpacha; (i) fuinneamh; (j) limistéar na saoirse, na slándála agus an cheartais; (k) gnáthchúraimí slándála i gcúrsaí sláinte poiblí, i dtaca leis na gnéithe atá sainithe sa Chonradh seo. 3. I réimsí an taighde, na forbartha teicneolaíche agus an spáis, beidh inniúlacht ag an Aontas gníomhaíochtaí a chur i gcrích, go háirithe cláir a shainiú agus a chur chun feidhme; ar a shon sin, ní bheidh mar thoradh ar an inniúlacht sin a fheidhmiú na Ballstáit a chosc ar a n-inniúlacht siúd a fheidhmiú. 4. I réimsí an chomhair um fhorbairt agus na cabhrach daonnúla, beidh inniúlacht ag an Aontas gníomhaíochtaí a chur i gcrích agus comhbheartas a sheoladh; ar a shon sin, ní bheidh mar thoradh ar an inniúlacht sin a fheidhmiú na Ballstáit a chosc ar a n-inniúlacht siúd a fheidhmiú. --------------------------------------------------