Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - TEIDEAL VII - FORÁLACHA GINEARÁLTA A bhFUIL LÉIRIÚ AGUS CUR I bhFEIDHM NA CAIRTE FAOINA RIALÚ - Airteagal 54 - Toirmeasc ar chearta a mhí-úsáid
Official Journal 303 , 14/12/2007 P. 0014 - 0014
Airteagal 54 Toirmeasc ar chearta a mhí-úsáid Ní léireofar aon ní sa Chairt seo ar dhóigh a thabharfadh le tuiscint go bhfuil aon cheart ann chun gabháil le haon ghníomhaíocht nó aon ghníomh a dhéanamh arb é is aidhm dó na cearta nó na saoirsí atá aitheanta sa Chairt seo a mhilleadh nó iad a theorannú níos mó ná mar a fhoráiltear sa Chairt. --------------------------------------------------