12007P003

Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - TEIDEAL I - DÍNIT - Airteagal 3 - An ceart chun iomláine an duine

Official Journal 303 , 14/12/2007 P. 0003 - 0003


Airteagal 3

An ceart chun iomláine an duine

1. Tá ag gach duine an ceart go dtabharfar meas ar a iomláine nó ar a hiomláine choirp agus mheabhrach.

2. I réimsí na míochaine agus na bitheolaíochta, ní mór na nithe seo a leanas go háirithe a urramú:

(a) toiliú saor feasach an duine i dtrácht, de réir na nósanna imeachta atá leagtha síos le dlí;

(b) toirmeasc ar chleachtais dea-ghinice, go háirithe na cleachtais sin arb é is aidhm dóibh daoine a roghnú;

(c) toirmeasc ar fhoinse bhrabúis a dhéanamh den chorp daonna agus de bhaill den chorp, ina gcáil mar chorp agus mar bhaill den chorp;

(d) toirmeasc ar chlónáil atáirgeach daoine.

--------------------------------------------------