Conradh Liospóin ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach agus an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, arna dhéanamh i Liospóin, an 13 Nollaig 2007 - B. Dearbhuithe a bhaineann le Prótacail atá i gceangal leis na Conarthaí - 52. Dearbhú ó Ríocht na Beilge, ó Phoblacht na Bulgáire, ó Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, ón bPoblacht Heilléanach, ó Ríocht na Spáinne, ó Phoblacht na hIodáile, ó Phoblacht na Cipire, ó Phoblacht na Liotuáine, ó Ard-Diúcacht Lucsamburg, ó Phoblacht na hUngáire, ó Phoblacht Mhálta, ó Phoblacht na hOstaire, ó Phoblacht na Portaingéile, ón Rómáin, ó Phoblacht na Slóivéine agus ó Phoblacht na Slóvaice maidir le siombail an Aontais Eorpaigh
Official Journal 306 , 17/12/2007 P. 0267 - 0267
52. Dearbhú ó Ríocht na Beilge, ó Phoblacht na Bulgáire, ó Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, ón bPoblacht Heilléanach, ó Ríocht na Spáinne, ó Phoblacht na hIodáile, ó Phoblacht na Cipire, ó Phoblacht na Liotuáine, ó Ard-Diúcacht Lucsamburg, ó Phoblacht na hUngáire, ó Phoblacht Mhálta, ó Phoblacht na hOstaire, ó Phoblacht na Portaingéile, ón Rómáin, ó Phoblacht na Slóivéine agus ó Phoblacht na Slóvaice maidir le siombail an Aontais Eorpaigh Dearbhaíonn an Bheilg, an Bhulgáir, an Ghearmáin, an Ghréig, an Spáinn, an Iodáil, an Chipir, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ungáir, Málta, an Ostair, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin agus an tSlóvaic go leanfaidh an bhratach a bhfuil ciorcal de dhá cheann déag de réaltaí órga ar chúlra gorm uirthi, an roscamhrán "Óid don Aoibhneas" as Naoú Siansa Ludwig van Beethoven, an mana "Aontaithe san éagsúlacht", an euro mar airgeadra an Aontais Eorpaigh agus lá na hEorpa an 9 Bealtaine de bheith ina siombailí dóibhsean de bhallraíocht choiteann na ndaoine san Aontas Eorpach agus den cheangal atá acu leis an Aontas Eorpach. --------------------------------------------------