Conradh Liospóin ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach agus an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, arna dhéanamh i Liospóin, an 13 Nollaig 2007 - B. Dearbhuithe a bhaineann le Prótacail atá i gceangal leis na Conarthaí - 51. Dearbhú ó Ríocht na Beilge maidir leis na Parlaimintí náisiúnta
Official Journal 306 , 17/12/2007 P. 0267 - 0267
51. Dearbhú ó Ríocht na Beilge maidir leis na Parlaimintí náisiúnta Is mian leis an mBeilg a chur i bhfios, i gcomhréir lena dlí bunreachtúil, go ndéanann Teach Ionadaithe agus Seanad na Parlaiminte Cónaidhme mar aon le tionóil pharlaiminteacha na bPobal agus na Réigiún, i bhfianaise na n-inniúlachtaí arna bhfeidhmiú ag an Aontas, gníomhú mar chomhpháirteanna den chóras parlaiminteach náisiúnta nó mar sheomraí den Pharlaimint náisiúnta. --------------------------------------------------