12006M036

Chonartha ar an Aontas Eorpach (leagan comhdhlúite) - Teideal VI - Forálacha maidir le comhar póilíneachta agus comhar breithiúnach in ábhair choiriúla - Airteagal 36

Official Journal C 321 E , 29/12/2006 P. 0028 - 0028
Official Journal C 325 , 24/12/2002 P. 0025 - Consolidated version
Official Journal C 340 , 10/11/1997 P. 0166 - Consolidated version
Official Journal C 191 , 29/07/1992 P. 0062


Airteagal 36

1. Cuirfear ar bun Coiste Comhordaithe ar a mbeidh ardfheidhmeannaigh. I dteannta lena ról comhordaithe, beidh sé de chúram ar an gCoiste:

- tuairimí a thabhairt le haghaidh na Comhairle, arna iarraidh sin don Chomhairle nó ar a thionscnamh féin;

- gan dochar d'Airteagal 207 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, rannchuidiú le hullmhú phléití na Comhairle sna réimsí dá dtagraítear in Airteagal 29.

2. Beidh baint iomlán ag an gCoimisiún leis an obair sna réimsí dá dtagraítear sa Teideal seo.

--------------------------------------------------