12006M018

Chonartha ar an Aontas Eorpach (leagan comhdhlúite) - Teideal V - Forálacha maidir le comhbheartas eachtrach agus slándála - Airteagal 18

Official Journal C 321 E , 29/12/2006 P. 0017 - 0018
Official Journal C 325 , 24/12/2002 P. 0016 - Consolidated version
Official Journal C 340 , 10/11/1997 P. 0159 - Consolidated version
Official Journal C 191 , 29/07/1992 P. 0060


Airteagal 18

1. In ábhair a thig faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála, is í an Uachtaránacht a fheidhmeoidh ar son an Aontais.

2. Beidh an Uachtaránacht freagrach as cinntí arna nglacadh faoin Teideal seo a chur chun feidhme; sa cháil sin, léireoidh sí i bprionsabal seasamh an Aontais in eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag comhdhálacha idirnáisiúnta.

3. Cabhróidh Ardrúnaí na Comhairle leis an Uachtaránacht agus feidhmeoidh sé feidhm Ardionadaí don chomhbheartas eachtrach agus slándála.

4. Beidh baint iomlán ag an gCoimisiún leis na cúraimí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2. Más gá, cabhróidh an chéad Bhallstát eile ag a mbeidh an Uachtaránacht leis an Uachtaránacht sna cúraimí sin.

5. Féadfaidh an Chomhairle, aon uair a mheasann sí gur gá sin, ionadaí speisialta a cheapadh a mbeidh sainordú aige i ndáil le saincheisteanna beartais áirithe.

--------------------------------------------------