C. Prótacail atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach - Prótacal (Uimh. 8) maidir le suímh institiúidí na gComhphobal Eorpach, suímh eagras agus ranna áirithe de chuid na gComhphobal Eorpach agus suíomh Europol a shocrú (1997)
Official Journal C 321 E , 29/12/2006 P. 0226 - 0226
Prótacal (Uimh.8) maidir le suímh institiúidí na gComhphobal Eorpach, suímh eagras agus ranna áirithe de chuid na gComhphobal Eorpach agus suíomh Europol a shocrú (1997) TÁ IONADAITHE RIALTAIS NA MBALLSTÁT, AG FÉACHAINT d'Airteagal 289 den Chonradh ag bunú an Chomhphobal Eorpaigh, d'Airteagal 77 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach agus d'Airteagal 189 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, AG FÉACHAINT don Chonradh ar an Aontas Eorpach, AG MEABHRÚ DÓIBH AGUS AG DEIMHNIÚ Chinneadh an 8 Aibreán 1965 agus gan dochar do na cinntí maidir le suíomh institiúidí, comhlachtaí agus ranna a bheidh ann amach anseo, TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis na Conarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach: Airteagal Aonair (a) Beidh suíomh Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg agus is ansin a thionólfar 12 tréimhse de sheisiúin iomlánacha mhíosúla, lena n-áirítear an seisiún buiséadach. Is sa Bhruiséil a thionólfar na tréimhsí de sheisiúin iomlánacha breise. Tiocfaidh Coistí Pharlaimint na hEorpa le chéile sa Bhruiséil. Fanfaidh Ardrúnaíocht Pharlaimint na hEorpa agus a cuid ranna i Lucsamburg. (b) Beidh suíomh na Comhairle sa Bhruiséil. Tionólfar cruinnithe na Comhairle i Lucsamburg i rith Aibreáin, Meithimh agus Deireadh Fómhair. (c) Beidh suíomh an Choimisiúin sa Bhruiséil. Beidh na ranna atá liostaithe in Airteagail 7, 8 agus 9 de Chinneadh an 8 Aibreán 1965 lonnaithe i Lucsamburg. (d) Beidh suíomh na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Céadchéime i Lucsamburg. (e) Beidh suíomh na Cúirte Iniúchóirí i Lucsamburg. (f) Beidh suíomh an Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta sa Bhruiséil. (g) Beidh suíomh Choiste na Réigiún sa Bhruiséil. (h) Beidh suíomh an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta i Lucsamburg. (i) Beidh suíomh na hInstitiúide Eorpaí Airgeadaíochta agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh in Frankfurt. (j) Beidh suíomh na hOifige Eorpaí Póilíní (Europol) sa Háig. --------------------------------------------------