Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (Leagan comhdhlúite) - Cuid a Sé - Forálacha ginearálta agus críochnaitheacha - Airteagal 299
Official Journal C 321 E , 29/12/2006 P. 0174 - 0175
Official Journal C 325 , 24/12/2002 P. 0149 - Consolidated version
Official Journal C 340 , 10/11/1997 P. 0297 - Consolidated version
Official Journal C 224 , 31/08/1992 P. 0076 - Consolidated version
(EEC Treaty - no official publication available)
Airteagal 299 [8] 1. Beidh feidhm ag an gConradh seo maidir le Ríocht na Beilge, le Poblacht na Seice, le Ríocht na Danmhairge, le Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, le Poblacht na hEastóine, leis an bPoblacht Heilléanach, le Ríocht na Spáinne, le Poblacht na Fraince, le hÉirinn, le Poblacht na hIodáile, le Poblacht na Cipire, le Poblacht na Laitvia, le Poblacht na Liotuáine, le Ard Diúcacht Lucsamburg, le Poblacht na hUngáire, le Poblacht Mhálta, le Ríocht na hÍsiltíre, le Poblacht na hOstaire, le Poblacht na Polainne, le Poblacht na Portaingéile, le Poblacht na Slóivéine, le Poblacht na Slóvaice, le Poblacht na Fionlainne, le Ríocht na Sualainne agus le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann. 2. Beidh feidhm ag forálacha an Chonartha seo maidir leis na ranna Francacha thar lear, leis na hAsóir, le Maidéara agus leis na hOileáin Chanáracha. Ar a shon sin, ag tabhairt aird ar staid shóisialta agus eacnamaíoch struchtúrach na ranna Francacha thar lear, na nAsór, Mhaidéara agus na nOileán Canárach, staid is measa fós mar gheall ar a n-iargúltacht, a n-oileánachas, a mbeagmhéid, a dtopagrafaíocht agus a n-aeráid achrannach, agus a spleáchas eacnamaíoch ar bheagán táirgí, a ndéanann a mbuaine agus comhcheangal díobh mórdhochar dá bhforbairt, déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, bearta sonracha a ghlacadh a mbeidh sé d'aidhm acu, ach go háirithe, na coinníollacha a leagan síos chun an Conradh seo, lena n-áirítear comhbheartais, a chur i bhfeidhm ar na réigiúin sin. Nuair a bheidh an Chomhairle ag glacadh na mbeart ábhartha dá dtagraítear sa dara fomhír, tabharfaidh sí aird ar réimsí amhail beartais chustaim agus trádála, beartas fioscach, saorlimistéir, beartais talmhaíochta agus iascaigh, coinníollacha maidir le soláthar amhábhar agus earraí tomhaltais fíor-riachtanacha, státchabhracha agus coinníollacha rochtana ar chistí struchtúracha agus ar chláir chothrománacha Comhphobail. Glacfaidh an Chomhairle na bearta dá dtagraítear sa dara fomhír ag cur ghnéithe agus shrianta speisialta na réigiún is forimeallaí san áireamh ach gan baint d'iomláine ná de chomhchuibheas dhlíchóras an Chomhphobail, lena n-áirítear an margadh inmheánach agus na comhbheartais. 3. Bainfidh na socruithe speisialta i dtaobh comhlachais atá leagtha amach i gCuid a Ceathair den Chonradh seo leis na tíortha agus na críocha thar lear atá luaite sa liosta in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gConradh seo. Ní bhainfidh an Conradh seo leis na tíortha agus na críocha thar lear a bhfuil caidreamh speisialta acu le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus nach bhfuil luaite sa liosta réamhráite. 4. Bainfidh forálacha an Chonartha seo leis na críocha Eorpacha a bhfuil Ballstát freagrach ina gcaidreamh eachtrach. 5. Beidh forálacha an Chonartha seo infheidhme ar Oileáin Åland i gcomhréir leis na forálacha atá leagtha amach i bPrótacal Uimh. 2 a ghabhann leis an Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na hOstaire, Phoblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne. 6. De mhaolú ar na míreanna roimhe seo: (a) ní bheidh an Conradh seo infheidhme ar Oileáin Fharó; (b) Ní bheidh feidhm ag an gConradh seo maidir le Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha Akrotiri agus Dhekelia de chuid na Ríochta Aontaithe sa Chipir ach amháin a mhéad is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme na socruithe atá leagtha amach sa Phrótacal maidir le Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann sa Chipir atá i gceangal leis an Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice leis an Aontas Eorpach agus i gcomhréir le téarmaí an Phrótacail sin; (c) ní bhainfidh forálacha an Chonartha seo le hOileáin Mhuir nIocht ná le hOileán Mhanann ach a mhéad is gá chun a áirithiú go bhfeidhmeofar an córas dá bhforáiltear do na hoileáin sin sa Chonradh i dtaobh aontachas na mBallstát nua le Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus leis an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, a síníodh ar an 22 Eanáir 1972. [8] Airteagal arna leasú le hIonstraim Aontachais 2003. Féach an tAguisín ag deireadh an leabhair. --------------------------------------------------