12006E296

Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (Leagan comhdhlúite) - Cuid a Sé - Forálacha ginearálta agus críochnaitheacha - Airteagal 296

Official Journal C 321 E , 29/12/2006 P. 0173 - 0173
Official Journal C 325 , 24/12/2002 P. 0148 - Consolidated version
Official Journal C 340 , 10/11/1997 P. 0296 - Consolidated version
Official Journal C 224 , 31/08/1992 P. 0076 - Consolidated version
(EEC Treaty - no official publication available)


Airteagal 296

1. Ní chuirfidh forálacha an Chonartha seo bac ar fheidhmiú na rialacha seo a leanas:

(a) ní bheidh ar aon Bhallstát faisnéis a sholáthar má mheasann sé go mbeadh nochtadh na faisnéise sin contrártha do leasanna bunúsacha a shlándála;

(b) féadfaidh aon Bhallstát cibé bearta is gá leis a ghlacadh chun leasanna bunúsacha a shlándála a chosaint agus ar bearta iad a bhaineann le hairm, muinisin agus ábhair chogaidh a tháirgeadh nó a thrádáil. Ní foláir, áfach, gan na bearta sin a dhul chun dochair do na coinníollacha iomaíochta sa chómhargadh i gcás táirgí nach bhfuil ceaptha chun críoch míleata go sonrach.

2. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún, athruithe a dhéanamh ar an liosta a tharraing sí suas ar an 15 Aibreán 1958 de na táirgí a bhfuil forálacha phointe (b) de mhír 1 infheidhme orthu.

--------------------------------------------------