12006E255

Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (Leagan comhdhlúite) - Cuid a Cúig - Institiúidí an Chomhphobail - TEIDEAL I - Forálacha ag rialú na n‐institiúidí - Caibidil 2 - Forálacha is coiteann d'institiúidí éagsúla - Airteagal 255

Official Journal C 321 E , 29/12/2006 P. 0156 - 0157
Official Journal C 325 , 24/12/2002 P. 0135 - Consolidated version
Official Journal C 340 , 10/11/1997 P. 0282 - Consolidated version


Airteagal 255

1. Beidh ag gach saoránach den Aontas agus ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil a oifig chláraithe aige i mBallstát ceart rochtana ar dhoiciméid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, faoi réir na bprionsabal agus na gcoinníollacha a shaineofar i gcomhréir le míreanna 2 agus 3.

2. Laistigh de dhá bhliain ó Chonradh Amstardam a theacht i bhfeidhm, cinnfidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251, na prionsabail ghinearálta agus na teorainneacha ar fhorais leasa phríobháidigh nó phoiblí a rialóidh an ceart rochtana sin ar dhoiciméid.

3. Déanfaidh gach institiúid dá dtagraítear anseo thuas forálacha sonracha maidir le rochtain ar a doiciméid a ullmhú ina Rialacha Nós Imeachta féin.

--------------------------------------------------