Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (Leagan comhdhlúite) - Cuid a Cúig - Institiúidí an Chomhphobail - TEIDEAL I - Forálacha ag rialú na n‐institiúidí - Caibidil 1 - Na hinstitiúidí - Roinn 4 - An Chúirt Bhreithiúnais - Airteagal 232
Official Journal C 321 E , 29/12/2006 P. 0147 - 0147
Official Journal C 325 , 24/12/2002 P. 0127 - Consolidated version
Official Journal C 340 , 10/11/1997 P. 0273 - Consolidated version
Official Journal C 224 , 31/08/1992 P. 0062 - Consolidated version
(EEC Treaty - no official publication available)
Airteagal 232 Más rud é, de shárú ar an gConradh seo, go mainneoidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle nó an Coimisiún gníomhú, féadfaidh na Ballstáit agus institiúidí eile an Chomhphobail caingean a thabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais chun an sárú sin a shuíomh. Ní bheidh an chaingean inghlactha ach amháin sa chás inar iarradh i dtosach ar an institiúid i dtrácht gníomhú. Más rud é, laistigh de dhá mhí tar éis a iarrtha sin uirthi, go mbeidh an institiúid i dtrácht gan a seasamh sa chás a shonrú, féadfar an chaingean a thabhairt ar aghaidh laistigh de thréimhse bhreise dhá mhí. Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach, faoi na coinníollacha atá leagtha síos sna míreanna roimhe seo, gearán a dhéanamh leis an gCúirt Bhreithiúnais gur mhainnigh ceann d'institiúidí an Chomhphobail aon ghníomh seachas moladh nó tuairim a dhíriú chun an duine sin. Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais faoi na coinníollacha céanna chun breith a thabhairt i gcaingne nó in imeachtaí arna dtionscnamh ag BCE sna réimsí a thig faoina inniúlachtaí nó i gcaingne nó imeachtaí arna dtionscnamh ina choinne. --------------------------------------------------