12006E207

Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (Leagan comhdhlúite) - Cuid a Cúig - Institiúidí an Chomhphobail - TEIDEAL I - Forálacha ag rialú na n‐institiúidí - Caibidil 1 - Na hinstitiúidí - Roinn 2 - An Chomhairle - Airteagal 207

Official Journal C 321 E , 29/12/2006 P. 0137 - 0138
Official Journal C 325 , 24/12/2002 P. 0118 - Consolidated version
Official Journal C 340 , 10/11/1997 P. 0265 - Consolidated version
Official Journal C 224 , 31/08/1992 P. 0058 - Consolidated version
(EEC Treaty - no official publication available)


Airteagal 207

1. Beidh coiste arna chomhdhéanamh de Bhuanionadaithe na mBallstát freagrach as obair na Comhairle a ullmhú agus as na cúraimí a chuirfidh an Chomhairle air a chur i gcrích. Féadfaidh an Coiste cinntí maidir le nós imeachta a ghlacadh sna cásanna dá bhforáiltear i Rialacha Nós Imeachta na Comhairle.

2. Cabhróidh Ardrúnaíocht a bheidh faoi stiúradh Ardrúnaí, Ardionadaí don chomhbheartas eachtrach agus slándála, leis an gComhairle agus cuideoidh Leas-Ardrúnaí leis a bheidh freagrach as an Ardrúnaíocht a reáchtáil. Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, an tArdrúnaí agus an Leas-Ardrúnaí a cheapadh.

Cinnfidh an Chomhairle eagrúchán na hArdrúnaíochta.

3. Glacfaidh an Chomhairle a Rialacha Nós Imeachta.

D'fhonn Airteagal 255(3) a chur i bhfeidhm, leagfaidh an Chomhairle síos sna Rialacha sin na coinníollacha faoina mbeidh rochtain ag an bpobal ar dhoiciméid na Comhairle. Chun críche na míre seo, saineoidh an Chomhairle na cásanna inar cóir a mheas go bhfuil sí ag gníomhú ina cáil reachtach d'fhonn níos mó rochtana ar dhoiciméid a cheadú sna cásanna sin ach san am céanna caomhnóidh sí éifeachtúlacht a próisis chinnteoireachta. Ar aon chuma, nuair a bhíonn an Chomhairle ag gníomhú ina cáil reachtach, poibleofar torthaí na vótála agus míniú ar an vótáil i dteannta leis na ráitis sna miontuairiscí.

--------------------------------------------------