12006E181A

Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (Leagan comhdhlúite) - Cuid a Trí - Bear tais an Chomhphobail - TEIDEAL XXI - Comhar eacnamaíoch arigeadais agus teicniúl le tríú tíortha - Airteagal 181 A

Official Journal C 321 E , 29/12/2006 P. 0127 - 0127
Official Journal C 325 , 24/12/2002 P. 0111 - Consolidated version


Airteagal 181a

1. Gan dochar d'fhorálacha eile an Chonartha seo agus go háirithe d'fhorálacha Theideal XX, seolfaidh an Comhphobal, laistigh dá réimsí inniúlachta, bearta comhair eacnamaíoch, airgeadais agus theicniúil le tríú tíortha Forlíonfaidh na bearta sin bearta arna seoladh ag na Ballstáit agus beidh siad ag luí le beartas forbartha an Chomhphobail.

Rannchuideoidh beartas an Chomhphobail sa réimse seo leis an gcuspóir ginearálta an daonlathas agus an smacht reachta a fhorbairt agus a chomhdhlúthú mar aon leis an gcuspóir cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a urramú.

2. Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, na bearta a ghlacadh is gá chun mír 1 a chur chun feidhme. Gníomhóidh an Chomhairle d’aon toil maidir leis na comhaontuithe comhlachais dá dtagraítear in Airteagal 310 agus leis na comhaontuithe atá le tabhairt i gcrích leis na Stáit is iarrthóirí ar aontachas leis an Aontas.

3. Faoi chuimsiú a n-inniúlachtaí faoi seach, rachaidh an Comhphobal agus na Ballstáit i gcomhar le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla. Féadfaidh na rialacha mionsonraithe um chomhar Comhphobail a bheith ina n-ábhar do chomhaontuithe idir an Comhphobal agus na tríú páirtithe i dtrácht a dhéanfar a chaibidil agus a thabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 300.

Beidh an chéad fhomhír gan dochar d'inniúlacht na mBallstát dul i mbun caibidlíochta i gcomhlachtaí idirnáisiúnta agus comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích.

--------------------------------------------------