Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (Leagan comhdhlúite) - Cuid a Trí - Bear tais an Chomhphobail - TEIDEAL XIX - Comhshaol - Airteagal 175
Official Journal C 321 E , 29/12/2006 P. 0124 - 0125
Official Journal C 325 , 24/12/2002 P. 0108 - Consolidated version
Official Journal C 340 , 10/11/1997 P. 0255 - Consolidated version
Official Journal C 224 , 31/08/1992 P. 0052 - Consolidated version
Airteagal 175 1. Cinnfidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún, an ghníomhaíocht a ghabhfaidh an Comhphobal ar láimh chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 174 a ghnóthú. 2. De mhaolú ar an nós imeachta cinnteoireachta dá bhforáiltear i mír 1 agus gan dochar d'Airteagal 95, glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún: (a) forálacha atá de chineál fioscach go príomha; (b) bearta a dhéanann difear: - do bhearta maidir le pleanáil bhaile agus tuaithe; - do bhainisteoireacht chainníochtúil ar acmhainní uisce nó a dhéanann difear go díreach nó go hindíreach do na hacmhainní sin a bheith ar fáil; - d’úsáid talún seachas bainisteoireacht dramhaíola; (c) bearta a dhéanann difear suntasach do rogha Bhallstáit idir foinsí éagsúla fuinnimh agus struchtúr ginearálta a sholáthair fuinnimh. Féadfaidh an Chomhairle, faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa chéad fhomhír, na hábhair sin a shainiú dá dtagraítear sa mhír seo ar a nglacfar cinntí trí thromlach cáilithe. 3. I réimsí eile, glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún, cláir ghníomhaíochta ghinearálta a shocraíonn na cuspóirí tosaíochta a bheidh le gnóthú. Glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di faoi na coinníollacha dá bhforáiltear i mír 1 nó 2 de réir mar a bheidh, na bearta is gá chun na cláir sin a chur chun feidhme. 4. Gan dochar do bhearta áirithe de chineál Comhphobail, déanfaidh na Ballstáit an beartas comhshaoil a mhaoiniú agus a chur i gcrích. 5. Gan dochar don phrionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as, i gcás go mbéarfaidh beart arna bhunú ar fhorálacha mhír 1 costais a mheastar is díréireach d'údaráis phoiblí Ballstáit, déanfaidh an Chomhairle, sa ghníomh ag glacadh an bhirt sin, forálacha iomchuí a leagan síos ar nós: - maoluithe sealadacha agus/nó - tacaíocht airgeadais ón gCiste Comhtháthaithe arna chur ar bun de bhun fhorálacha Airteagal 161. --------------------------------------------------