12006E154

Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (Leagan comhdhlúite) - Cuid a Trí - Bear tais an Chomhphobail - TEIDEAL XV - Gréasáin thraseorpacha - Airteagal 154

Official Journal C 321 E , 29/12/2006 P. 0116 - 0116
Official Journal C 325 , 24/12/2002 P. 0101 - Consolidated version
Official Journal C 340 , 10/11/1997 P. 0248 - Consolidated version
Official Journal C 224 , 31/08/1992 P. 0048 - Consolidated version


Airteagal 154

1. D'fhonn rannchuidiú le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagail 14 agus 158 agus d'fhonn cumasú do shaoránaigh an Aontais, d'oibreoirí eacnamaíocha agus do phobail réigiúnacha agus áitiúla tairbhiú go hiomlán de na buntáistí a chinfidh ó limistéar gan teorainneacha inmheánacha a chur ar bun, rannchuideoidh an Comhphobal le gréasáin thraseorpacha a bhunú agus a fhorbairt in earnálacha bhonneagair an iompair, na teileachumarsáide agus an fhuinnimh.

2. Faoi chuimsiú córas margaí a bheidh ar oscailt agus iomaíoch, beidh sé d'aidhm ag gníomhaíocht an Chomhphobail taobhú le hidirnascadh agus le hidirinoibritheacht na ngréasán náisiúnta agus le rochtain ar na gréasáin sin. Tabharfaidh sí aird go háirithe ar a riachtanaí atá sé na réigiúin oileánacha, talamhiata agus forimeallacha a cheangal le réigiúin láir an Chomhphobail.

--------------------------------------------------