Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (Leagan comhdhlúite) - Cuid a Trí - Bear tais an Chomhphobail - TEIDEAL VI - Comhrialacha maidir le hiomaíocht, le cánachas agus le comhfhogasú reachtaíochta - Caibidil 1 - Rialacha iomaíochta - Roinn 1 - Rialacha a bhaineann le gnóthais - Airteagal 81
Official Journal C 321 E , 29/12/2006 P. 0073 - 0074
Official Journal C 325 , 24/12/2002 P. 0064 - Consolidated version
Official Journal C 340 , 10/11/1997 P. 0208 - Consolidated version
Official Journal C 224 , 31/08/1992 P. 0028 - Consolidated version
(EEC Treaty - no official publication available)
Airteagal 81 1. Toirmisctear na cleachtais seo a leanas mar chleachtais nach luíonn leis an gcómhargadh: gach comhaontú idir gnóthais, gach cinneadh ag comhlachais ghnóthas agus gach cleachtas comhbheartaithe a d'fhéadfadh dul i gcion ar an trádáil idir Ballstáit agus arb é a gcuspóir nó a n-éifeacht iomaíocht sa chómhargadh a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh, agus go háirithe iad siúd trína ndéantar: (a) praghsanna ceannaithe nó díolta nó aon choinníollacha eile trádála a shocrú, go díreach nó go hindíreach; (b) táirgeadh, margaí, forbairt theicniúil, nó infheistiú a theorannú nó a rialú; (c) margaí nó foinsí soláthair a pháirtiú; (d) coinníollacha neamhionanna a chur chun feidhme ar idirbhearta comhionanna le páirtithe eile trádála sa dóigh go gcuirtear faoi mhíbhuntáiste iad san iomaíocht; (e) chun go gcuirfear conarthaí i gcrích, é a chur de choinníoll go nglacfaidh na páirtithe eile le hoibleagáidí forlíontacha nach bhfuil baint ar bith acu, óna nádúr ná ó ghnás na tráchtála, le hábhar na gconarthaí sin. 2. Aon chomhaontuithe nó cinntí a thoirmiscfear de bhun an Airteagail seo, beidh siad ar neamhní dá dhroim sin. 3. Féadfar, áfach, a dhearbhú nach mbainfidh forálacha mhír 1: - le haon chomhaontú nó le haon chineál comhaontuithe idir gnóthais; - le haon chinneadh nó le haon chineál cinntí ag comhlachais ghnóthas; - le haon chleachtas comhbheartaithe nó le haon chineál cleachtas comhbheartaithe, a chuidíonn le feabhas a thabhairt ar tháirgeadh nó dáileadh earraí nó leis an ascnamh teicniúil nó eacnamaíoch a chur chun cinn, agus cion cothrom den tairbhe uaidh sin a ligean le tomhaltóirí, agus: (a) nach gcuireann ar na gnóthais atá i gceist srianta nach bhfuil fíor-riachtanach chun na haidhmeanna sin a ghnóthú; (b) nach dtugann do na gnóthais sin breith ar iomaíocht a dhíchur i gcás cuid mhór de na táirgí atá i gceist. --------------------------------------------------