12006E031

Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (Leagan comhdhlúite) - Cuid a Trí - Bear tais an Chomhphobail - TEIDEAL I - Saorghluaiseacht earraí - Caibidil 2 - Srianta cainníochtúla idir na Ballstáit a thoirmeasc - Airteagal 31

Official Journal C 321 E , 29/12/2006 P. 0053 - 0053
Official Journal C 325 , 24/12/2002 P. 0047 - Consolidated version
Official Journal C 340 , 10/11/1997 P. 0189 - Consolidated version
Official Journal C 224 , 31/08/1992 P. 0017 - Consolidated version
(EEC Treaty - no official publication available)


Airteagal 31

1. Déanfaidh na Ballstáit coigeartú ar aon Státmhonaplachtaí de chineál tráchtálach chun a áirithiú nach mbeidh aon idirdhealú ann idir náisiúnaigh de na Ballstáit maidir leis na coinníollacha faoina bhfaightear earraí agus faoina gcuirtear ar an margadh iad.

Bainfidh forálacha an Airteagail seo le haon chomhlacht trína ndéanann Ballstát, de jure nó de facto, maoirsiú nó cinneadh nó ábhar tionchair a oibriú, go díreach nó go hindíreach, ar allmhairí nó onnmhairí idir na Ballstáit. Bainfidh na forálacha sin mar an gcéanna le monaplachtaí a tarmligeadh ón Stát.

2. Staonfaidh na Ballstáit ó aon bheart nua a thabhairt isteach atá bunoscionn leis na prionsabail atá leagtha síos i mír 1 nó a chuireann srian le scóip na nAirteagal a bhaineann le dleachtanna custaim agus srianta cainníochtúla a thoirmeasc idir na Ballstáit.

3. Má bhíonn ag Stát-mhonaplacht de chineál tráchtálach rialacha a ceapadh chun gur fusa táirgí talmhaíochta a dhiúscairt nó an fáltas is fearr a ghnóthú astu, ní mór féachaint chuige, le linn rialacha an Airteagail seo a chur chun feidhme, go mbeidh a chomhionann sin de choimirce ann d'fhostaíocht na dtáirgeoirí a bheidh i gceist agus dá gcaighdeán maireachtála.

--------------------------------------------------