Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (Leagan comhdhlúite) - Cuid a hAon - Prionsabail - Airteagal 4
Official Journal C 321 E , 29/12/2006 P. 0045 - 0046
Official Journal C 325 , 24/12/2002 P. 0041 - Consolidated version
Official Journal C 340 , 10/11/1997 P. 0182 - Consolidated version
Official Journal C 224 , 31/08/1992 P. 0008 - Consolidated version
Airteagal 4 1. Chun na gcríoch atá luaite in Airteagal 2, cuimseoidh gníomhaíochtaí na mBallstát agus an Chomhphobail, faoi na coinníollacha agus de réir an tráthchláir dá bhforáiltear sa Chonradh seo, beartas eacnamaíoch a ghlacadh atá fothaithe ar chomhordú dlúth idir beartais eacnamaíocha na mBallstát, ar an margadh inmheánach agus ar shainiú comhchuspóirí agus a sheoltar i gcomhréir le prionsabal geilleagair mhargaidh oscailte le saoriomaíocht. 2. Go comhthreomhar leis sin, agus faoi na coinníollacha agus de réir an tráthchláir dá bhforáiltear sa Chonradh seo, cuimseoidh na gníomhaíochtaí sin rátaí malairte a shocrú go neamh-inchúlghairthe as a dtiocfaidh tionscnamh airgeadra aonair, an tECU, beartas aonair airgeadaíochta agus beartas aonair rátaí malairte a shainiú agus a sheoladh arb é is cuspóir príomhúil leo araon cobhsaíocht phraghsanna a choimeád ar bun agus, gan dochar don chuspóir sin, tacú leis na beartais eacnamaíocha ghinearálta sa Chomhphobal, i gcomhréir le prionsabal geilleagair mhargaidh oscailte le saoriomaíocht. 3. Béarfaidh gníomhaíochtaí sin na mBallstát agus an Chomhphobail go ndéanfar na treoirphrionsabail seo a leanas a urramú: praghsanna cobhsaí, airgeadas poiblí fónta agus dálaí airgeadaíochta fónta agus comhardú inbhuanaithe íocaíochtaí. --------------------------------------------------