12006E/PRO/31

Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (Leagan comhdhlúite) - D. Prótacail atá i gceangal leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh - Prótacal (Uimh. 31) maidir le caidreamh eachtrach na mBallstát i dtaca le teorainneacha seachtracha a thrasnú (1997)

Official Journal C 321 E , 29/12/2006 P. 0312 - 0312


Prótacal (Uimh. 31)

maidir le caidreamh eachtrach na mBallstát i dtaca le teorainneacha seachtracha a thrasnú (1997)

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

AGUS AIRD Á TABHAIRT ACU ar a riachtanaí atá sé do na Ballstáit rialuithe éifeachtúla ag a dteorainneacha seachtracha a áirithiú, i gcomhar le tríú tíortha nuair is iomchuí,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar an bhforáil seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh:

Beidh na forálacha ar na bearta maidir le teorainneacha seachtracha a thrasnú atá i bpointe (2)(a) d'Airteagal 62 de Theideal IV den Chonradh gan dochar d'inniúlacht na mBallstát comhaontuithe a chaibidil nó a thabhairt i gcrích le tríú tíortha fad a dhéanfaidh siad dlí an Chomhphobail agus comhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha eile a urramú.

--------------------------------------------------