12006E/APP/04

Leasuithe ar an reachtaíocht phríomha de bharr aontachas phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine leis an Aontas Eorpach - IV. Prótacal ar reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta

Official Journal C 321 E , 29/12/2006 P. 0329 - 0331


LEASUITHE AR AN REACHTAÍOCHT PHRÍOMHA DE BHARR AONTACHAS PHOBLACHT NA BULGÁIRE AGUS NA RÓMÁINE LEIS AN AONTAS EORPACH.

Tar éis an Conradh i dtaobh Aontachas Phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine leis an Aontas Eorpach a theacht i bhfeidhm, leasaítear mar a leanas na hAirteagail seo a leanas.

IV. PRÓTACAL AR REACHT AN BHAINC EORPAIGH INFHEISTÍOCHTA

1. In Airteagal 3, cuirtear isteach na hiontrálacha maidir le Poblacht na Bulgáire agus maidir leis an Rómáin.

2. Sa chéad fhomhír d'Airteagal 4(1):

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

"1. Is é is caipiteal don Bhanc EUR 164795737000, arna shuibscríobh ag na Ballstáit mar a leanas [1]:"

(b) cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:

"An Bhulgáir | 296000000 |

An Rómáin | 846000000" |

3. In Airteagal 11(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre agus an tríú fomhír faoi seach:

"2. Ocht stiúrthóir is fiche agus ocht stiúrthóir malartacha déag a bheidh ar an mBord Stiúrthóirí.

[…]

Déanfaidh an Bord Gobharnóirí na malartaigh a cheapadh go ceann cúig bliana mar a thaispeántar thíos:

- beirt mhalartach arna n-ainmniú ag Poblacht Chónaidhme na Gearmáine,

- beirt mhalartach arna n-ainmniú ag Poblacht na Fraince,

- beirt mhalartach arna n-ainmniú ag Poblacht na hIodáile,

- beirt mhalartach arna n-ainmniú ag Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann,

- malartach amháin arna ainmniú de thoil a chéile ag Ríocht na Spáinne agus ag Poblacht na Portaingéile,

- malartach amháin arna ainmniú de thoil a chéile ag Ríocht na Beilge, Ard-Diúcacht Lucsamburg agus ag Ríocht na hÍsiltíre,

- beirt mhalartach arna n-ainmniú de thoil a chéile ag Ríocht na Danmhairge, ag an bPoblacht Heilléanach, ag Éirinn agus ag an Rómáin,

- beirt mhalartach arna ainmniú de thoil a chéile ag Poblacht na hEastóine, ag Poblacht na Laitvia, ag Poblacht na Liotuáine, ag Poblacht na hOstaire, ag Poblacht na Fionlainne agus ag Ríocht na Sualainne,

- triúr malartach arna n-ainmniú de thoil a chéile ag Poblacht na Bulgáire, ag Poblacht na Seice, ag Poblacht na Cipire, ag Poblacht na hUngáire, ag Poblacht Mhálta, ag Poblacht na Polainne, ag Poblacht na Slóivéine agus ag Poblacht na Slóvaice,

- malartach amháin arna ainmniú ag an gCoimisiún."

[1] Is táscach iad na figiúirí don Bhulgáir agus don Rómáin agus tá siad bunaithe ar na sonraí do 2003 atá foilsithe ag Eurostat.

--------------------------------------------------