Leasuithe ar an reachtaíocht phríomha de bharr aontachas phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine leis an Aontas Eorpach - III. Prótacal ar reacht na Cúirte Breithiúnais
Official Journal C 321 E , 29/12/2006 P. 0329 - 0329
LEASUITHE AR AN REACHTAÍOCHT PHRÍOMHA DE BHARR AONTACHAS PHOBLACHT NA BULGÁIRE AGUS NA RÓMÁINE LEIS AN AONTAS EORPACH. Tar éis an Conradh i dtaobh Aontachas Phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine leis an Aontas Eorpach a theacht i bhfeidhm, leasaítear mar a leanas na hAirteagail seo a leanas. III. PRÓTACAL AR REACHT NA CÚIRTE BREITHIÚNAIS 1. In Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre: "Nuair a athrófar cuid de na Breithiúna gach trí bliana, athrófar ceithre Bhreitheamh déag agus trí Bhreitheamh déag díobh gach re seach." 2. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 48: "Seacht mBreitheamh is fiche a bheidh ar an gCúirt Chéadchéime." --------------------------------------------------