Official Journal L 157 , 21/06/2005 P. 0142 - 0142
3. SAORGHLUAISEACHT CHAIPITIL An Conradh ag bunú Bunreachta don Eoraip 1. Na srianta atá leagtha síos ina reachtaíocht atá ann tráth sínithe an Chonartha Aontachais i dtaca le sealúchas talún le haghaidh áiteanna tánaisteacha cónaithe a fháil a mhéad a bhaineann le náisiúnaigh de chuid na mBallstát nó de chuid na Stát is páirtithe sa Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (CLEE) nach bhfuil cónaí orthu sa Rómáin agus le cuideachtaí arna bhfoirmiú i gcomhréir le dlíthe Ballstáit eile nó Stát CLEE nach bhfuil bunaithe ar chríoch na Rómáine agus nach bhfuil brainse ná gníomhaireacht ionadaíochta acu inti, féadfaidh an Rómáin iad a choimeád ar bun, d'ainneoin na n-oibleagáidí faoin gConradh ag bunú Bunreachta don Eoraip, go ceann cúig bliana ó dháta an aontachais. Náisiúnaigh de chuid na mBallstát agus náisiúnaigh de chuid na Stát is páirtithe sa Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a bhfuil cónaí orthu go dleathach sa Rómáin, ní bheidh siad faoi réir fhorálacha na fomhíre sin roimhe seo ná aon rialacha agus nósanna imeachta eile seachas rialacha agus nósanna imeachta a bhfuil náisiúnaigh na Rómáine faoina réir. 2. Na srianta atá leagtha síos ina reachtaíocht atá ann tráth sínithe an Chonartha Aontachais i dtaca le talamh talmhaíochta, foraoiseacha agus talamh foraoiseachta a fháil a mhéad a bhaineann le náisiúnaigh de chuid na mBallstát nó de chuid na Stát is páirtithe sa Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus le cuideachtaí arna bhfoirmiú i gcomhréir le dlíthe Ballstáit eile nó Stát CLEE nach bhfuil bunaithe ná cláraithe sa Rómáin, féadfaidh an Rómáin iad a choimeád ar bun, d'ainneoin na n-oibleagáidí faoin gConradh ag bunú Bunreachta don Eoraip, ar feadh seacht mbliana ó dháta an aontachais. Ní fhéadfar i gcás ar bith cóir is lú fabhar a chur ar náisiúnach de chuid Ballstáit i leith talamh talmhaíochta, foraoiseacha agus talamh foraoiseachta a fháil ná mar a chuirtear air ar dháta sínithe an Chonartha Aontachais ná cóir níos sriantaí a chur air ná ar náisiúnach tríú tír. Feirmeoirí féinfhostaithe is náisiúnaigh de chuid Ballstáit eile ar mian leo iad féin a bhunú agus cónaí a bheith orthu sa Rómáin, ní bheidh siad faoi réir fhorálacha na fomhíre sin roimhe seo ná aon nósanna imeachta seachas nósanna imeachta a bhfuil náisiúnaigh na Rómáine faoina réir. Déanfar athbhreithniú ginearálta ar na bearta idirthréimhseacha sin sa tríú bliain tar éis dháta an aontachais. Chuige sin, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil don Chomhairle. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún, a chinneadh an idirthréimhse atá sonraithe sa chéad fhomhír a ghiorrú nó deireadh a chur léi. --------------------------------------------------