Official Journal L 157 , 21/06/2005 P. 0032 - 0032
Airteagal 8 1. Coinneoidh gníomhartha arna nglacadh ag na hinstitiúidí lena mbaineann na bearta idirthréimhseacha atá leagtha síos sa Phrótacal seo a stádas dlítheanach; ach go háirithe, leanfaidh na nósanna imeachta chun na gníomhartha sin a leasú d'fheidhm a bheith acu. 2. Na forálacha den Phrótacal seo arb é is aidhm nó is éifeacht dóibh gníomhartha arna nglacadh ag na hinstitiúidí a aisghairm nó a leasú, seachas mar bheart idirthréimhseach, beidh an stádas dlítheanach céanna acu atá ag na forálacha a aisghairtear nó a leasaítear leo agus beidh siad faoi réir na rialacha céanna leis na forálacha sin. --------------------------------------------------