Official Journal L 157 , 21/06/2005 P. 0323 - 0324
II. Reachtaíocht fíteasláintíochta 31991 L 0414: Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cumhdaigh plandaí a chur ar an margadh (IO L 230, 19.8.1991, lch. 1), mar atá arna leasú go deireanach le: - 32004 L 0099: Treoir 2004/99/CE ón gCoimisiún an 1.10.2004 (IO L 309, 6.10.2004, lch. 6). De mhaolú ar Airteagal 13(1) de Threoir 91/414/CEE, féadfaidh an Rómáin na teorainneacha ama a chur siar maidir le soláthar na faisnéise dá dtagraítear in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Treoir 91/414/CEE i gcás táirgí cumhdaigh plandaí a údaraítear faoi láthair sa Rómáin agus a mhargaítear go heisiach ar chríoch na Rómáine agus a bhfuil comhdhúile copair (sulfáit, ocsaclóiríd nó hiodracsaíd), sulfar, aicéiteaclór, démheitiáit agus 2,4-D iontu, ar chuntar go mbeidh na comhábhair sin liostaithe an tráth sin in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin. Féadfar na teorainneacha thuasluaite a chur siar go tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2009, ach amháin i gcás 2,4-D a bhféadfar an teorainn ama ina leith a chur siar go tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2008. Ní bheidh feidhm ag na forálacha thuas ach amháin maidir leis na cuideachtaí iarrthacha a thosaigh ag obair iarbhír ar na sonraí is gá a ghiniúint nó a fháil roimh an 1 Eanáir 2005. --------------------------------------------------