Official Journal L 157 , 21/06/2005 P. 0212 - 0212
Airteagal 26 1. Íocfaidh an Bhulgáir agus an Rómáin na méideanna seo a leanas leis an gCiste Taighde um Ghual agus Cruach dá dtagraítear i gCinneadh 2002/234/CEGC ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle an 27 Feabhra 2002 maidir leis na hiarmhairtí airgeadais toisc Conradh CEGC a dhul in éag agus leis an gCiste Taighde do Ghual agus Cruach [6]: (EUR milliún, praghsanna reatha) | An Bhulgáir | 11,95 | An Rómáin | 29,88. | 2. Íocfar na ranníocaíochtaí sin don Chiste Taighde um Ghual agus Cruach ina gceithre thráthchuid ag tosú i 2009 agus íocfar mar a leanas iad, i ngach cás ar an gcéad lá oibre den chéad mhí de gach bliain: 2009: 15 % 2010: 20 % 2011: 30 % 2012: 35 %. [6] IO L 79, 22.3.2002, lch. 42. --------------------------------------------------