Official Journal L 157 , 21/06/2005 P. 0211 - 0211
Airteagal 24 1. De mhaolú ar an líon uasta de chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa arna shocrú sa dara mír d'Airteagal 189 de Chonradh CE agus sa dara mír d'Airteagal 107 de Chonradh CEFA, méadófar ar líon chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa chun aontachas na Bulgáire agus na Rómáine a chur san áireamh leis an líon comhaltaí seo a leanas ó na tíortha sin i rith na tréimhse ó dháta an aontachais go dtí tús théarma 2009-2014 de Pharlaimint na hEorpa: An Bhulgáir | 18 | An Rómáin | 35. | 2. Roimh an 31 Nollaig 2007, déanfaidh an Bhulgáir agus an Rómáin araon toghchán trí vótáil chomhchoiteann dhíreach a bpobal a chur ar siúl do Pharlaimint na hEorpa don líon ionadaithe atá socraithe i mír 1, i gcomhréir le forálacha na hIonstraime maidir le toghadh ionadaithe do Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach [4]. 3. De mhaolú ar Airteagal 190(1) de Chonradh CE agus Airteagal 108(1) de Chonradh CEFA, más i ndiaidh dháta an aontachais a chuirfear na toghcháin ar siúl, is iad Parlaimintí na Bulgáire agus na Rómáine a cheapfaidh as a líon féin comhaltaí Pharlaimint na hEorpa a ionadóidh pobail na Stát sin i bParlaimint na hEorpa, i gcomhréir leis an nós imeachta arna leagan síos ag gach ceann de na Stáit sin, go ceann na tréimhse ó dháta an aontachais go dtí gach ceann de na toghcháin dá dtagraítear i mír 2. [4] IO L 278, 8.10.1976, lch. 5. Ionstraim mar atá arna leasú go deireanach le Cinneadh 2002/772/CE, CEFA ón gComhairle (IO L 283, 21.10.2002, lch. 1). --------------------------------------------------