12005SA018



Official Journal L 157 , 21/06/2005 P. 0210 - 0210


Airteagal 18

1. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír d'Airteagal 314 de Chonradh CE:

"De bhun na gConarthaí Aontachais, is leaganacha údarásacha iad freisin na leaganacha den Chonradh seo sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Ghaeilge, sa Ghréigis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris."

2. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír d'Airteagal 225 de Chonradh CEFA:

"De bhun na gConarthaí Aontachais, is téacsanna údarásacha iad freisin na leaganacha den Chonradh seo sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Ghaeilge, sa Ghréigis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris."

3. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír d'Airteagal 53 de Chonradh AE:

"De bhun na gConarthaí Aontachais, is téacsanna údarásacha iad freisin na leaganacha den Chonradh seo sa Bhulgáiris, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, sa Pholainnis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa tSualainnis, agus san Ungáiris."

--------------------------------------------------