12004V311



Official Journal 310 , 16/12/2004 P. 0139 - 0140


Airteagal III-310

1. Faoi chuimsiú na gcinntí Eorpacha arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal III-309, féadfaidh an Chomhairle cur chun feidhme cúraim a chur ar ghrúpa de Bhallstáit atá toilteanach agus a bhfuil an cumas is gá acu le haghaidh cúraim den sórt sin. Comhaontóidh na Ballstáit sin eatarthu féin, i gcomhlachas le hAire Gnóthaí Eachtracha an Aontais, maidir le bainistiú an chúraim.

2. Coinneoidh na Ballstáit a bheidh rannpháirteach sa chúram an Chomhairle ar an eolas go tráthrialta faoin dul chun cinn, ar a dtionscnamh féin nó arna iarraidh sin do Bhallstát eile. Cuirfidh na Ballstáit sin an Chomhairle ar an eolas láithreach más léir go leanfadh móriarmhairtí ón gcúram a chur i gcrích nó gur ghá leasú ar an gcuspóir, an raon feidhme agus na coinníollacha arna socrú don chúram sna cinntí Eorpacha dá dtagraítear i mír 1. Sna cásanna sin glacfaidh an Chomhairle na cinntí Eorpacha is gá.

--------------------------------------------------