Official Journal 310 , 16/12/2004 P. 0095 - 0096
Airteagal III-212 1. Más é sin is toil leis na comhpháirtithe sóisialta, féadfaidh caidreamh conarthach, lena n-áirítear comhaontuithe, a bheith mar thoradh ar an agallamh eatarthu ar leibhéal an Aontais. 2. Is i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na cleachtais is sonrach do na comhpháirtithe sóisialta agus do na Ballstáit nó, in ábhair a thig faoi Airteagal III-210, arna iarraidh sin i gcomhpháirt do na páirtithe sínitheacha, trí rialacháin Eorpacha nó trí chinntí Eorpacha arna nglacadh ag an gComhairle ar thogra ón gCoimisiún a chuirfear chun feidhme na comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ar leibhéal an Aontais. Cuirfear Parlaimint na hEorpa ar an eolas. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil nuair atá foráil amháin nó níos mó sa chomhaontú i dtrácht a bhaineann le ceann de na réimsí ar gá aontoilíocht dóibh de bhun Airteagal III-210(3). --------------------------------------------------