Official Journal 310 , 16/12/2004 P. 0061 - 0062
Airteagal III-137 Faoi chuimsiú na Foroinne seo, toirmiscfear srianta ar shaoirse bunaíochta náisiúnach de chuid Ballstáit i gcríoch Ballstáit eile. Beidh feidhm ag an toirmeasc sin freisin maidir le srianta ar ghníomhaireachtaí, brainsí nó fochuideachtaí a chur ar bun ag náisiúnaigh d'aon Bhallstát atá bunaithe i gcríoch aon Bhallstáit. Beidh ag náisiúnaigh de chuid Ballstáit an ceart, i gcríoch Ballstáit eile, chun gabháil le gníomhaíochtaí agus iad a shaothrú mar oibrithe féinfhostaithe agus chun gnóthais a chur ar bun agus a bhainistiú, go háirithe cuideachtaí nó gnólachtaí de réir bhrí an dara mír d'Airteagal III-142, faoi na coinníollacha atá leagtha síos dá náisiúnaigh féin le dlí an Bhallstáit ina bhfuil suíomh na bunaíochta sin, faoi réir Roinn 4 a bhaineann le caipiteal agus le híocaíochtaí. --------------------------------------------------