Official Journal 310 , 16/12/2004 P. 0048 - 0049
Airteagal II-93 Saol an teaghlaigh agus an saol gairmiúil 1. Beidh ag an teaghlach cosaint dhlítheanach, eacnamaíoch agus shóisialta. 2. Chun gur féidir comhréiteach a fháil idir saol an teaghlaigh agus an saol gairmiúil, beidh ag gach duine an ceart chun cosaint a fháil ar dhífhostú ar chúis atá bainteach le máithreachas agus an ceart chun saoire máithreachais le pá agus chun saoire do thuismitheoir tar éis breithe nó uchtála linbh. --------------------------------------------------