12004V003



Official Journal 310 , 16/12/2004 P. 0011 - 0012


Airteagal I-3

Cuspóirí an Aontais

1. Is é is aidhm don Aontas an tsíocháin, a chuid luachanna agus dea-bhail a chuid pobal a chur chun cinn.

2. Deánfaidh an tAontas limistéar saoirse, slándála agus ceartais gan teorainneacha inmheánacha, agus margadh inmheánach ina bhfuil an iomaíocht saor agus neamhshaofa a chur ar fáil dá shaoránaigh.

3. Oibreoidh an tAontas ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe na hEorpa arna fothú ar an bhfás eacnamaíoch cothromúil agus ar chobhsaíocht praghsanna, ar gheilleagar sóisialta margaidh ina bhfuil iomaíocht ghéar agus arb é is aidhm dó lánfhostaíocht agus dul chun cinn sóisialta, agus ar ardleibhéal cosanta don chomhshaol agus ardleibhéal feabhsaithe ar a cháilíocht. Déanfaidh sé dul chun cinn eolaíoch agus teicneolaíoch a chur chun cinn.

Déanfaidh sé an t-eisiamh sóisialta agus an t-idirdhealú a chomhrac agus an ceartas sóisialta agus an chosaint shóisialta, an comhionannas idir mná agus fir, an dlúthpháirtíocht idir na glúnta agus an chosaint ar chearta an linbh a chur chun cinn.

Cuirfidh sé chun cinn an comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, mar aon leis an dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit.

Urramóidh sé saibhreas a éagsúlachta cultúrtha agus teanga, agus áiritheoidh sé go ndéanfar oidhreacht chultúrtha na hEorpa a chaomhnú agus a fheabhsú.

4. Ina chaidreamh leis an domhan mór, déanfaidh an tAontas a chuid luachanna agus leasanna a chumhdach agus a chur chun cinn. Rannchuideoidh sé leis an tsíocháin, leis an tslándáil, le forbairt inbhuanaithe an Domhain, leis an dlúthpháirtíocht agus leis an meas frithpháirteach idir na pobail, leis an tsaorthrádáil chóir, le deireadh a chur leis an mbochtaineacht, agus cearta an duine agus cearta an linbh ach go háirithe a chosaint, leis an dlí idirnáisiúnta a urramú go docht agus a fhorbairt, lena n-áirítear prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe a urramú.

5. Saothróidh an tAontas a chuspóirí trí mheáin iomchuí atá comhchuimseach leis na hinniúlachtaí atá tugtha dó sa Bhunreacht.

--------------------------------------------------