Official Journal 310 , 16/12/2004 P. 0261 - 0266
7. PRÓTACAL AR PHRIBHLÉIDÍ AGUS DÍOLÚINTÍ AN AONTAIS EORPAIGH TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA, DE BHRÍ, de réir Airteagal III-434 den Bhunreacht, go mbeidh ag an Aontas i gcríocha na mBallstát na pribhléidí agus na díolúintí is gá chun a gcúraimí a chur i gcrích, TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ag bunú Bunreachta don Eoraip agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach: CAIBIDIL I MAOIN, CISTÍ, SÓCMHAINNÍ AGUSOIBRÍOCHTAÍ AN AONTAIS Airteagal 1 Beidh áitribh agus foirgnimh an Aontais dosháraithe. Beidh siad díolmhaithe ó chuardach, foréileamh, coigistiú nó díshealbhú. Ní bheidh maoin ná sócmhainní an Aontais ina n-ábhar d'aon bheart comhéigin, riarthach ná dlíthiúil, gan údarás na Cúirte Breithiúnais. Airteagal 2 Beidh cartlann an Aontais dosháraithe. Airteagal 3 Beidh an tAontas, a shócmhainní, a ioncam agus a mhaoin eile saortha ó gach cáin dhíreach. Déanfaidh Rialtais na mBallstát, i ngach cás inar féidir é, na bearta is iomchuí chun méid na gcánacha indíreacha nó na gcánacha díolacháin a bheidh ar áireamh i bpraghas maoine sochorraithe nó dochorraithe a mhaitheamh nó a aisíoc nuair a dhéanann an tAontas, le haghaidh a úsáide oifigiúla, ceannacháin thábhachtacha a bhfuil cánacha den sórt sin ar áireamh ina bpraghas. Ní chuirfear na forálacha sin i bhfeidhm, áfach, ionas go mbeidh de thoradh orthu an iomaíocht laistigh den Aontas a shaobhadh. Ní dheonófar saoirseacht ar bith i leith muirir, cánacha agus dleachtanna nach bhfuil iontu ach táillí as seirbhísí fóntais phoiblí. Airteagal 4 Beidh an tAontas saortha ó gach dleacht chustaim, ó gach toirmeasc agus ó gach srian ar allmhairí agus onnmhairí maidir le hearraí le haghaidh a úsáide oifigiúla. Ní dhéanfar earraí a allmhaireofar amhlaidh a dhiúscairt, ar íocaíocht nó gan íocaíocht, i gcríoch an Stáit ar allmhairíodh isteach ann iad, ach amháin faoi choinníollacha arna bhformheas ag rialtas an Stáit sin. Beidh an tAontas saortha freisin ó aon dleachtanna custaim agus ó aon toirmisc agus srianta ar allmhairí agus onnmhairí maidir lena bhfoilseacháin. CAIBIDIL II CUMARSÁIDÍ AGUS LAISSEZ-PASSER Airteagal 5 Le haghaidh a gcumarsáidí oifigiúla agus do tharchur a ndoiciméad go léir, gheobhaidh institiúidí an Aontais i gcríoch gach Ballstáit an chóir a thugann an Stát sin do mhisin taidhleoireachta. Ní bheidh comhfhreagras oifigiúil ná cumarsáidí oifigiúla eile de chuid institiúidí an Aontais inchurtha faoi chinsireacht. Airteagal 6 Féadfaidh Uachtaráin institiúidí an Aontais laissez-passer i bhfoirm a ordófar le rialachán Eorpach ón gComhairle, ag gníomhú di trí thromlach simplí, agus a dtabharfaidh údaráis na mBallstát aitheantas dóibh mar dhoiciméid taistil bhailí, a eisiúint chuig comhaltaí agus seirbhísigh na n-institiúidí sin. Eiseofar na laissez-passer sin chuig oifigigh agus seirbhísigh eile faoi choinníollacha arna leagan síos i Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais agus i gCoinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais. Féadfaidh an Coimisiún comhaontuithe a dhéanamh chun na laissez-passer sin a aithint mar dhoiciméid taistil bhailí i gcríocha tríú Stát. CAIBIDIL III COMHALTAÍ PHARLAIMINT NA hEORPA Airteagal 7 Ní chuirfear aon srian riaracháin ná aon srian eile ar shaorghluaiseacht chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa ag taisteal dóibh go dtí áit chruinnithe Pharlaimint na hEorpa nó uaidh. Tabharfar do chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa, maidir le custaim agus rialú malairte: (a) óna rialtas féin, na saoráidí céanna a thugtar d'oifigigh shinsearacha agus iad ag taisteal ar an gcoigrích ar mhisin oifigiúla shealadacha; (b) ó rialtais Bhallstát eile, na saoráidí céanna a thugtar d'ionadaithe rialtas eachtrach ar mhisin oifigiúla shealadacha. Airteagal 8 Ní bheidh comhaltaí Pharlaimint na hEorpa inchurtha faoi aon saghas fiosrúcháin, coinneála ná imeachtaí dlíthiúla i leith tuairimí a thug siad nó vótaí a chaith siad ag comhlíonadh a ndualgas dóibh. Airteagal 9 Le linn sheisiúin Pharlaimint na hEorpa, beidh ag a comhaltaí: (a) i gcríoch a Stáit féin, na díolúintí a thugtar do chomhaltaí a bParlaiminte féin; (b) i gcríoch aon Bhallstáit eile, díolúine ó aon bheart coinneála agus ó imeachtaí dlíthiúla. Bainfidh an díolúine mar an gcéanna le comhaltaí ag taisteal dóibh go dtí áit chruinnithe Pharlaimint na hEorpa agus uaidh. Ní féidir díolúine a éileamh nuair a gheofar comhalta i mbun cion a dhéanamh ná ní choiscfidh sí Parlaimint na hEorpa a ceart a fheidhmiú chun díolúine dhuine dá comhaltaí a tharscaoileadh. CAIBIDIL IV IONADAITHE BALLSTÁT A GHLACANN PÁIRT IN OBAIR INSTITIÚIDÍ AN AONTAIS Airteagal 10 Ionadaithe Ballstát a ghlacann páirt in obair institiúidí an Aontais, beidh acu féin agus ag a gcomhairleoirí agus a saineolaithe teicniúla, i gcomhlíonadh a ndualgas agus le linn a dtaistil go dtí áit an chruinnithe agus uaidh, na pribhléidí, na díolúintí agus na saoráidí is gnách. Beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin maidir le comhaltaí de chomhlachtaí comhairleacha an Aontais. CAIBIDIL V OIFIGIGH AGUS SEIRBHÍSIGH EILE AN AONTAIS Airteagal 11 I gcríoch gach Ballstáit agus is cuma cén náisiúntacht atá acu, i dtaca le hoifigigh agus le seirbhísigh eile an Aontais: (a) beidh siad díolmhaithe ó imeachtaí dlíthiúla i leith gníomhartha a rinne siad ina gcáil oifigiúil, lena n-áirítear a bhfocail labhartha nó scríofa, faoi réir fhorálacha an Bhunreachta a bhaineann, ar thaobh amháin, leis na rialacha i ndáil le freagracht oifigeach agus seirbhíseach eile i leith an Aontais, agus ar an taobh eile, le dlínse Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun breith a thabhairt ar ábhair atá faoi dhíospóid idir an tAontas agus a oifigigh agus a sheirbhísigh eile. Fanfaidh an díolúine sin acu tar éis scor dá n-oifig; (b) ní bheidh siad féin ná a gcéilí ná daoine cleithiúnacha dá dteaghlaigh inchurtha faoi shrianta inimirce ná faoi fhoirmiúlachtaí chun eachtrannaigh a chlárú; (c) tabharfar dóibh, maidir le rialacháin airgeadra nó mhalairte, na saoráidí céanna is gnách a thabhairt d'oifigigh eagraíochtaí idirnáisiúnta; (d) beidh acu an ceart chun a dtroscán agus a n-éifeachtaí a allmhairiú saor ó dhleacht, ag dul i mbun a bpoist an chéad uair dóibh sa Stát áirithe, agus an ceart chun a dtroscán agus a n-éifeachtaí a athonnmhairiú saor ó dhleacht ar chríochnú a ndualgas sa Stát sin, ach i gceachtar cás díobh faoi réir na gcoinníollacha is riachtanach le Rialtas an Stáit ina bhfeidhmítear an ceart sin; (e) beidh acu an ceart chun gluaisteán le haghaidh a n-úsáide pearsanta féin a allmhairiú saor ó dhleacht, más gluaisteán é a fuarthas sa Stát deiridh ina raibh cónaí orthu nó sa Stát ar náisiúnaigh de iad, ar théarmaí mhargadh baile an Stáit sin, agus é a athonnmhairiú saor ó dhleacht, ach i gceachtar cás díobh faoi réir na gcoinníollacha is riachtanach le Rialtas an Stáit áirithe. Airteagal 12 Beidh oifigigh agus seirbhísigh eile an Aontais inchurtha faoi cháin, chun tairbhe don Aontas, ar thuarastail, ar phá agus ar éadálacha a íocfaidh an tAontas leo, de réir na gcoinníollacha agus an nós imeachta a leagfar síos le dlí Eorpach. Glacfar an dlí sin tar éis dul i gcomhairle leis na hinstitiúidí i dtrácht. Beidh oifigigh agus seirbhísigh eile an Aontais díolmhaithe ó chánacha náisiúnta ar thuarastail, ar phá agus ar éadálacha a íocfaidh an tAontas. Airteagal 13 Maidir le cáin ioncaim, cáin rachmais agus dleachtanna báis a chur i bhfeidhm agus maidir le coinbhinsiúin chun cánachas dúbailte a sheachaint, a tugadh i gcrích idir Bhallstáit an Aontais, a chur i bhfeidhm, oifigigh agus seirbhísigh eile an Aontais a dhéanann, d'aon toisc mar gheall ar chomhlíonadh a ndualgas i seirbhís an Aontais, áit chónaithe a bhunú i gcríoch Ballstáit seachas a Stát sainchónaithe chun críocha cánach le linn dóibh dul isteach i seirbhís an Aontais, measfar i Stát a gcónaithe iarbhír agus sa Stát sainchónaithe chun críocha cánach, gur chothaigh siad a sainchónaí sa Stát sin is déanaí atá luaite, ar choinníoll gur comhalta den Aontas é. Beidh feidhm ag an bhforáil sin maidir le céile freisin, sa mhéid nach bhfuil an céile sin ag gabháil go leithleach do phost sochair, agus le leanaí atá i gcleithiúnas agus faoi chúram na ndaoine dá dtagraítear san Airteagal seo. Beidh maoin shochorraithe le daoine dá dtagraítear sa chéad mhír agus atá i gcríoch an Stáit ina bhfuil siad ag cur fúthu saortha ó dhleachtanna báis sa Stát sin. Measfar, chun an dleacht sin a mheasúnú, an mhaoin sin a bheith sa Stát sainchónaithe chun críocha cánach, faoi réir ceart tríú Stát agus ar an gcuntar go bhféadfadh sé go gcuirfí i bhfeidhm forálacha coinbhinsiún idirnáisiúnta ar chánachas dúbailte. Agus forálacha an Airteagail seo á gcur i bhfeidhm, déanfar neamhshuim d'aon sainchónaí a fuarthas d'aon toisc mar gheall ar dhualgais a chomhlíonadh i seirbhís eagraíochtaí idirnáisiúnta eile. Airteagal 14 Leagfar síos i ndlí Eorpach scéim na sochar slándála sóisialta d'oifigigh agus do sheirbhísigh eile an Aontais. Glacfar an dlí sin tar éis dul i gcomhairle leis na hinstitiúidí i dtrácht. Airteagal 15 Cinnfear le dlí Eorpach na haicmí oifigeach agus seirbhíseach eile de chuid an Aontais a mbeidh feidhm ag Airteagal 11, an dara mír d'Airteagal 12 agus Airteagal 13 maidir leo, go hiomlán nó go páirteach. Glacfar an dlí sin tar éis dul i gcomhairle leis na hinstitiúidí i dtrácht. Cuirfear ainmneacha, gráid agus seoltaí na n-oifigeach agus na seirbhíseach eile a áirítear sna haicmí sin in iúl ó am go chéile do rialtais na mBallstát. CAIBIDIL VI PRIBHLÉIDÍ AGUS DÍOLÚINTÍ MHISIN TRÍÚ STÁT ATÁ CREIDIÚNAITHE DON AONTAS Airteagal 16 Déanfaidh an Ballstát ar ina chríoch atá a shuíomh ag an Aontas na pribhléidí agus na díolúintí taidhleoireachta is gnách a thabhairt do mhisin tríú Stát atá creidiúnaithe don Aontas. CAIBIDIL VII FORÁLACHA GINEARÁLTA Airteagal 17 Is chun leas an Aontais agus chuige sin amháin a thabharfar pribhléidí, díolúintí agus saoráidí d'oifigigh agus do sheirbhísigh eile an Aontais. Beidh de cheangal ar gach institiúid de chuid an Aontais an díolúine a tugadh d'oifigeach nó do sheirbhíseach eile a tharscaoileadh aon uair a mheasfaidh an institiúid sin nach bhfuil tarscaoileadh na díolúine sin contrártha le leasanna an Aontais. Airteagal 18 D'fhonn an Prótacal seo a chur i bhfeidhm, comhoibreoidh institiúidí an Aontais le húdaráis fhreagracha na mBallstát lena mbaineann. Airteagal 19 Beidh feidhm ag Airteagail 11 go 14 agus Airteagal 17 maidir le comhaltaí an Choimisiúin. Airteagal 20 Beidh feidhm ag Airteagail 11 go 14 agus Airteagal 17 maidir le Breithiúna, Abhcóidí Ginearálta, Cláraitheoirí agus Rapóirtéirí Cúnta Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh gan dochar do na forálacha sin d'Airteagal 3 den Phrótacal ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a bhaineann le Breithiúna agus Abhcóidí Ginearálta a bheith díolmhaithe ó imeachtaí dlíthiúla. Beidh feidhm ag Airteagail 11 go 14 agus Airteagal 17 freisin maidir le comhaltaí na Cúirte Iniúchóirí. Airteagal 21 Beidh feidhm ag an bPrótacal seo freisin maidir leis an mBanc Ceannais Eorpach, le comhaltaí a orgán agus lena fhoireann, gan dochar don Phrótacal maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh. Beidh an Banc Ceannais Eorpach díolmhaithe ina theannta sin ó aon saghas cánachais nó aon mhuirir dá shamhail ar ócáid aon mhéadaithe ar a chaipiteal agus ó na foirmiúlachtaí éagsúla a d'fhéadfadh a bheith ag baint leis na nithe sin sa Stát ina bhfuil suíomh an Bhainc. Ní bheidh na gníomhaíochtaí de chuid an Bhainc agus a orgán a dhéanfar i gcomhréir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh inchurtha faoi aon cháin láimhdeachais. Airteagal 22 Beidh feidhm ag an bPrótacal seo freisin maidir leis an mBanc Eorpach Infheistíochta, le comhaltaí a orgán, lena fhoireann agus le hionadaithe na mBallstát a ghlacann páirt ina ghníomhaíochtaí, gan dochar don Phrótacal ar Reacht an Bhainc. Beidh an Banc Eorpach Infheistíochta saortha ina theannta sin ó aon saghas cánachais nó aon mhuirir dá shamhail ar ócáid aon mhéadaithe ar a chaipiteal agus ó na foirmiúlachtaí éagsúla a d'fhéadfadh a bheith ag baint leis na nithe sin sa Stát ina bhfuil suíomh an Bhainc. Ar an gcuma chéanna, ní thiocfaidh aon mhuirear de dhíscaoileadh ná de leachtú an Bhainc. Ar deireadh thiar, ní bheidh na gníomhaíochtaí a dhéanfaidh an Banc agus a chuid orgán de réir a Reachta inchurtha faoi aon cháin láimhdeachais. --------------------------------------------------