Official Journal 310 , 16/12/2004 P. 0461 - 0461
18. Dearbhú maidir le hAirteagal III-213 Daingníonn an Chomhdháil go dtagann na beartais atá tuairiscithe in Airteagal III-213 faoi inniúlacht na mBallstát don mhórchuid. Is bearta de chineál comhlántach na bearta atá le glacadh ar leibhéal an Aontais i gcomhréir leis an Airteagal seo chun dreasacht a chur ar fáil agus an comhordú a chur chun cinn. Fónfaidh siad chun comhar idir na Ballstáit a neartú agus ní chun córais náisiúnta a chomhchuibhiú. Ní dhéanfar difear do na ráthaíochtaí agus na cleachtais atá ann i ngach Ballstát maidir le freagracht na gcomhpháirtithe sóisialta. Tá an Dearbhú seo gan dochar do na forálacha den Bhunreacht a thugann inniúlacht don Aontas, go fiú i gcúrsaí sóisialta. --------------------------------------------------