Official Journal 310 , 16/12/2004 P. 0420 - 0420
2. Dearbhú maidir le hAirteagal I-9(2) Comhaontaíonn an Chomhdháil gur chóir aontachas an Aontais leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a chosaint a dhéanamh ar dhóigh a chaomhnódh sainairíonna dhlí an Aontais. Sa chomhthéacs sin, tugann an Chomhdháil dá haire go bhfuil agallamh ann go tráthrialta idir Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine; d'fhéadfaí an t-agallamh sin a neartú nuair a aontóidh an tAontas Eorpach don Choinbhinsiún sin. --------------------------------------------------