Official Journal L 236 , 23/09/2003 P. 0817 - 0817
8. FUINNEAMH 1. 31968 L 0414: Treoir 68/414/CEE ón gComhairle an 20 Nollaig 1968 ag forchur oibleagáid ar Bhallstáit CEE stoic íosta amhola agus/nó táirgí peitriliam a choinneáil (IO L 308, 23.12.1968, lch. 14), mar atá arna leasú go deireanach le: - 31998 L 0093: Treoir 98/93/CE ón gComhairle an 14.12.98 (IO L 358, 31.12.1998, lch. 100). De mhaolú ar Airteagal 1(1) de Threoir 68/414/CE, ní bheidh feidhm sa Eastóin ag an íosleibhéal stoc de tháirgí peitriliam go dtí an 31 Nollaig 2009. Áiritheoidh an Eastóin go gcomhfhreagraíonn a híosleibhéal stoc de tháirgí peitriliam, i gcás gach ceann de na haicmí táirgí peitriliam atá liostaithe in Airteagal 2, ar a laghad do mheántomhailt inmheánach laethúil an mhéid laethanta seo a leanas, mar atá sainithe in Airteagal 1(1): - 10 lá faoi cheann dháta an aontachais, - 20 lá faoi cheann an 31 Nollaig 2004, - 35 lá faoi cheann an 31 Nollaig 2005, - 45 lá faoi cheann an 31 Nollaig 2006, - 50 lá faoi cheann an 31 Nollaig 2007, - 65 lá faoi cheann an 31 Nollaig 2008, - 90 lá faoi cheann an 31 Nollaig 2009. 2. 31996 L 0092: Treoir 96/92/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 1996 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa leictreachas (IO L 27, 30.1.1997, lch. 20). Ní bheidh feidhm san Eastóin ag Airteagal 19(2) de Threoir 96/92/CE go dtí an 31 Noillaig 2008. --------------------------------------------------