Official Journal L 236 , 23/09/2003 P. 0797 - 0798
3. BEARTAS IOMAÍOCHTA An Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh: Teideal VI, Caibidil 1 Rialacha Iomaíochta 1. Na scéimeanna cabhrach agus na cabhracha leithleacha seo a a leanas arna gcur in éifeacht i mBallstát nua roimh dháta an Aontachais agus atá fós infheidhme tar éis an dáta sin, measfar tráth an aontachais gur cabhair atá ann iad de réir bhrí Airteagal 88(1) de Chonradh CE: (a) bearta cabhrach a cuireadh in éifeacht roimh an 10 Nollaig 1994; (b) bearta cabhrach atá liostaithe san Fhoscríbhinn a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo; (c) bearta cabhrach a rinne an t-údarás Stáit um faireachán cabhrach de chuid an Bhallstáit nua a mheasúnú roimh dháta an aontachais agus a fuarthas a bheith ag luí leis an acquis, agus nach ndearna an Coimisiún agóid ina leith ar an bhforas go raibh amhras tromchúiseach ann an raibh an beart ag luí leis an gcómhargadh, de bhun an nós imeachta atá leagtha amach i mír 2. Gach beart atá fós infheidhme tar éis dháta an aontachais arb éard é státchabhair agus nach gcomhallann na coinníollacha atá leagtha amach thuas, measfar gur cabhair nua é tráth an aontachais chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 88(3) de Chonradh CE. Níl feidhm ag na forálacha thuas maidir le cabhair d'earnáil an iompair ná do ghníomhaíochtaí atá nasctha leis na táirgí atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Conradh CE a tháirgeadh, a phróiseáil nó a mhargú, amach ó tháirgí iascaigh agus táirgí atá díorthaithe uathu. Beidh na forálacha thuas gan dochar do na bearta idirthréimhseacha i dtaca le beartas iomaíochta atá leagtha amach san Ionstraim seo. 2. Sa mhéid gur mian le Ballstát nua go scrúdódh an Coimisiún beart cabhrach faoin nós imeachta atá leagtha amach i mír 1(c), soláthróidh sé go tráthrialta don Choimisiún: (a) liosta de bhearta cabhrach atá ann atá measúnaithe ag an údarás Stáit um faireachán cabhrach agus a fuair an t-údarás sin a bheith ag luí leis an acquis; agus (b) aon fhaisnéis eile atá fíor-riachtanach chun a mheasúnú an bhfuil an beart cabhrach atá le scrúdú comhchuí, i gcomhréir leis an bhformáid tuarascála shonrach arna soláthar ag an gCoimisiún. Mura ndéanfaidh an Coimisiún agóid i gcoinne an bhirt chabhrach atá ann ar an bhforas go bhfuil amhras tromchúiseach ann an bhfuil an beart ag luí leis an gcómhargadh, laistigh de 3 mí tar éis dó an fhaisnéis iomlán maidir leis an mbeart sin a fháil nó ráiteas a fháil ón mBallstát nua ina gcuireann sé in iúl don Choimisiún go measann sé go bhfuil an fhaisnéis arna soláthar iomlán toisc nach bhfuil an fhaisnéis bhreise ar fáil nó gur soláthraíodh cheana í, measfar nach bhfuil an Coimisiún tar éis agóid a dhéanamh. Gach beart cabhrach a thíolactar don Choimisiún faoin nós imeachta atá leagtha amach i mír 1(c) thuas roimh dháta an aontachais, beidh sé faoi réir an nós imeachta thuas, is cuma go bhfuil an Ballstát nua tar éis teacht chun bheith ina chomhalta den Aontas le linn na tréimhse scrúdaithe. 3. Measfar cinneadh ón gCoimisiún agóid a dhéanamh i leith birt, de réir bhrí mhír 1(c), mar chinneadh nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil a thionscnamh de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 659/1999 [1] ón gComhairle ag leagan síos rialacha mionsonraithe chun Airteagal 93 den Chonradh a chur i bhfeidhm. Má ghlactar cinneadh den sórt sin roimh dháta an aontachais, ní thiocfaidh an cinneadh i bhfeidhm go dtí dáta an aontachais. 4. Maidir le cabhair d'earnáil an iompair, scéimeanna cabhrach agus cabhair leithleach arna gcur in éifeacht i mBallstát nua roimh dháta an aontachais agus atá infheidhme fós tar éis an dáta sin, measfar gur cabhair atá ann iad de réir bhrí Airteagal 88(1) de Chonradh CE go dtí deireadh an tríú bliain tar éis dháta an aontachais, ar chuntar go gcuirtear i bhfios don Choimisiún iad laistigh de cheithre mhí ó dháta an aontachais. Beidh an fhoráil seo gan dochar do na forálacha a bhaineann le cabhair atá ann dá bhforáiltear in Airteagal 88 de Chonradh CE. Modhnóidh na Ballstáit nua aon chabhair a mheastar a bheith ann chun na treoirlínte a chomhlíonadh arna gcur i bhfeidhm ag an gCoimisiún faoi cheann dheireadh an tríú bliain tar éis dháta an aontachais ar a dhéanaí. Cabhracha atá ann agus pleananna chun cabhracha a dheonú nó a athrú arna gcur i bhfios don Choimisiún roimh dháta an aontachais, measfar go bhfuil siad curtha i bhfios nó curtha in iúl ar dháta an aontachais. [1] IO L 83, 27.3.99, lch. 1. --------------------------------------------------