Official Journal L 236 , 23/09/2003 P. 0940 - 944
Prótacal Uimh. 3 maidir le Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann sa Chipir TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA, AG MEABHRÚ DÓIBH, go bhforáiltear sa Chomhdhearbhú maidir le Limistéir Cheannasachta Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann sa Chipir atá i gceangal le hIonstraim Chríochnaitheach an Chonartha i dtaobh aontachas na Ríochta Aontaithe leis na Comhphobail Eorpacha go ndéanfar na socruithe is infheidhme maidir le caidreamh idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus na Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha a shainiú i gcomhthéacs aon chomhaontú idir an Comhphobal agus Poblacht na Cipire; AG CUR SAN ÁIREAMH DÓIBH na bhforálacha maidir leis na Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha atá leagtha amach sa Chonradh maidir le bunú Phoblacht na Cipire (dá ngairtear "an Conradh Bunaíochta" anseo feasta) agus sna Maluirtuthe Nótaí gaolmhara a ghabhann leis dar dáta an 16 Lúnasa 1960; AG TABHAIRT DÁ nAIRE DÓIBH an Malartú Nótaí idir Rialtas na Ríochta Aontaithe agus Rialtas Phoblacht na Cipire maidir le riarachán na Limistéar Bunáite Flaitheasach, dar dáta 16 Lúnasa 1960, agus an Dearbhaithe ó Rialtas na Ríochta Aontaithe a ghabhann leis á rá gur ceann de na príomhchuspóirí atá le baint amach cosaint leasanna na ndaoine a bhfuil cónaí orthu nó atá ag obair sna Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha, agus de bhrí, sa chomhthéacs sin, gur cóir go gcuirfí an chóir chéanna a mhéad is féidir ar na daoine sin is a chuirtear ar dhaoine a bhfuil cónaí orthu nó atá ag obair i bPoblacht na Cipire; AG TABHAIRT DÁ nAIRE DÓIBH FAIRIS SIN na bhforálacha den Chonradh Bunaíochta i dtaca le socruithe custaim idir na Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha agus Poblacht na Cipire agus go háirithe na forálacha in Iarscríbhinn F a ghabhann leis an gConradh sin; AG TABHAIRT DÁ nAIRE DÓIBH FREISIN an ghealltanais ón Ríocht Aontaithe gan poist chustaim nó bacainní teorann eile a chruthú idir na Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha agus Poblacht na Cipire agus na socruithe a rinneadh de bhun an Chonartha Bhunaíochta ar dá réir a riarann Poblacht na Cipire raon leathan seirbhísí poiblí sna Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha, lena n-áirítear réimsí na talmhaíochta, an chustaim agus an chánachais; AG DEIMHNIÚ DÓIBH nach cóir go ndéanfadh aontachas Phoblacht na Cipire leis an Aontas Eorpach difear do chearta agus oibleagáidí na bpáirtithe sa Chonradh Bunaíochta; AG AITHINT DÓIBH dá bhrí sin gur gá forálacha áirithe den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus de dhlí CE gaolmhar a chur i bhfeidhm maidir leis na Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha agus socruithe speisialta a dhéanamh i ndáil leis na forálacha sin a chur chun feidhme sna Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha; TAR ÉIS COMHAONTÚ AR NA FORÁLACHA SEO A LEANAS: Airteagal 1 Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 299(6)(b) den Chonradh ar ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh: "(b) Ní bheidh feidhm ag an gConradh seo maidir le Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha Akrotiri agus Dhekelia de chuid na Ríochta Aontaithe sa Chipir ach amháin a mhéad is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme na socruithe atá leagtha amach sa Phrótacal maidir le Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann sa Chipir atá i gceangal leis an Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice leis an Aontas Eorpach agus i gcomhréir le téarmaí an Phrótacail sin." Airteagal 2 1. Cuimseofar na Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha laistigh de chríoch chustaim an Chomhphobail, agus chun na críche sin, beidh feidhm, maidir leis na Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha, ag an hionstraimí beartais chustaim agus tráchtála atá liostaithe i gCuid I den Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal seo, maille leis na leasuithe atá leagtha amach san Iarscríbhinn. 2. Beidh feidhm maidir leis na Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha ag na hionstraimí maidir le cánacha láimhdeachais, dleachtanna máil agus foirmeacha eile de chánachais indíreach atá liostaithe i gCuid a Dó den Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal seo, maille leis na leasuithe atá leagtha amach san Iarscríbhinn chomh maith leis na forálacha ábhartha a bhfuil feidhm acu maidir leis an gCipir mar atá leagtha amach san Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice leis an Aontas Eorpach. 3. Déanfar na hionstraimí atá liostaithe i gCuid a Trí den Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal seo a leasú mar atá leagtha amach san Iarscríbhinn chun a chumasú don Ríocht Aontaithe na faoisimh agus na díolúintí ó dhleachtanna agus cánacha ar sholáthairtí dá fórsaí agus don phearsanra atá bainteach leo atá deonaithe sa Chonradh Bunaíochta a choimeád ar bun. Airteagal 3 Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas den Chonradh agus na forálacha gaolmhara seo a leanas maidir leis na Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha: (a) Teideal II de Chuid a Trí de Chonradh CE maidir le talmhaíocht agus forálacha arna nglacadh ar an mbonn sin; (b) Bearta arna nglacadh faoi Airteagal 152(4)(b) de Chonradh CE. Airteagal 4 Daoine a bhfuil cónaí orthu nó atá fostaithe sna Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha agus atá, faoi shocruithe arna ndéanamh de bhun an Chonartha Bhunaíochta agus an Mhalartaithe Nótaí dar dáta 16 Lúnasa 1960, faoi réir reachtaíocht slándála sóisialta Phoblacht na Cipire, cuirfear cóir orthu chun críocha Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 ón gComhairle an 14 Meitheamh 1971 maidir le scéimeanna slándála sóisialta a chur i bhfeidhm ar dhaoine fostaithe, ar dhaoine féinfhostaithe agus ar bhaill dá dteaghlaigh ag gluaiseacht sa Chomhphobal [1] amhail is dá mbeadh cónaí orthu nó dá mbeidís fostaithe ar chríoch Phoblacht na Cipire. Airteagal 5 1. Ní chuirfear de cheangal ar Phoblacht na Cipire seiceálacha a dhéanamh ar dhaoine ag trasnú a teorainneacha talaimh agus mara leis na Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha agus ní bheidh feidhm maidir le daoine den sórt sin ag aon srianta Comhphobail ar theorainneacha seachtracha a thrasnú. 2. Déanfaidh an Ríocht Aontaithe rialuithe ar dhaoine ag trasnú theorainneacha seachtracha na Limistéar Bunáite Flaitheasach i gcomhréir leis na gealltanais atá leagtha amach i gCuid a Ceathair den Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal seo Airteagal 6 Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún, d'fhonn a áirithiú go gcuirfear cuspóirí an Phrótacail seo chun feidhme go héifeachtach, Airteagail 2 go 5 thuas, lena n-áirítear an Iarscríbhinn, a leasú, nó forálacha eile de Chonradh CE agus de reachtaíocht ghaolmhar Chomhphobail a chur i bhfeidhm maidir leis na Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha ar cibé téarmaí agus faoi réir cibé coinníollacha a shonraíonn sí. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an Ríocht Aontaithe agus le Poblacht na Cipire sula dtíolacfaidh sé togra. Airteagal 7 1. Faoi réir mhír 2, beidh an Ríocht Aontaithe freagrach as an bPrótacal seo a chur chun feidhme sna Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha. Ach go háirithe: (a) beidh an Ríocht Aontaithe freagrach as na bearta Comhphobail atá sonraithe sa Phrótacal seo i réimsí an chustaim, an chánachais indírigh agus an chomhbheartais tráchtála a chur i bhfeidhm i ndáil le hearraí ag teacht isteach go hoileán na Cipire nó á fhágáil trí chalafort nó aerfort laistigh de na Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha; (b) féadfar rialuithe custaim a dhéanamh laistigh de na Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha ar earraí arna n-allmhairiú isteach go hoileán na Cipire nó arna n-onnmhairiú uaidh ag fórsaí na Ríochta Aontaithe trí chalafort nó aerfort i bPoblacht na Cipire; (c) beidh an Ríocht Aontaithe freagrach as aon cheadúnais, údaruithe nó deimhnithe a eisiúint a fhéadfar a iarraidh faoi aon bheart Comhphobail infheidhme i dtaca le hearraí arna n-allmhairiú isteach go hoileán na Cipire nó arna n-onnmhairiú uaidh ag fórsaí na Ríochta Aontaithe. 2. Beidh Poblacht na Cipire freagrach as riarachán agus íocaíocht aon chistí Comhphobail a bhféadfaidh daoine sna Limistéir Bhunáite Flaitheasacha bheith ina dteideal de bhun an comhbheartas talmhaíochta a chur i bhfeidhm sna Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha faoi Airteagal 3 den Phrótacal seo agus beidh Poblacht na Cipire cuntasach don Choimisiún as caiteachas den sórt sin. 3. Gan dochar do mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh an Ríocht Aontaithe feidhmiú aon cheann de na feidhmeanna atá forchurtha ar Bhallstát le haon cheann de na forálacha dá dtagraítear in Airteagail 2 go 5 thuas, nó faoi, a tharmligean chuig údaráis inniúla Phoblacht na Cipire, i gcomhréir le socruithe arna ndéanamh de bhun an Chonartha Bhunaíochta. 4. Comhoibreoidh an Ríocht Aontaithe agus Poblacht na Cipire chun a áirithiú go gcuirfear an Prótacal seo chun feidhme go héifeachtach sna Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha agus, nuair is iomchuí, tabharfaidh socruithe breise i gcrích maidir le cur chun feidhme aon cheann de na forálacha dá dtagraítear in Airteagail 2 go 5 thuas a tharmligean. Tíolacfar cóip d'aon socruithe den sórt sin don Choimisiún. Airteagal 8 Ní bheidh de chuspóir ag na socruithe dá bhforáiltear sa Phrótacal seo ach staid faoi leith Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha na Ríochta Aontaithe sa Chipir a rialáil agus ní bheidh feidhm acu maidir le haon chríoch eile sa Chomhphobal ná ní bheidh siad ina bhfasach, go hiomlán nó go páirteach, d'aon socruithe speisialta eile atá ann cheana nó a d'fhéadfaí a chur ar bun i gcríoch Eorpach eile dá bhforáiltear in Airteagal 299 den Chonradh. Airteagal 9 Tabhairfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle gach cúig bliana, ar chur chun feidhme fhorálacha an Phrótacail seo. [1] IO L 149, 5.7.1971, lch. 2. -------------------------------------------------- IARSCRÍBHINN Tuigfear tagairtí sa Phrótacal seo do Threoracha agus Rialacháin mar thagairtí do na Treoracha agus Rialacháin sin mar atá arna leasú nó arna n-ionadú ó am go chéile agus dá n-ionstraimí cur chun feidhme. CUID A hAON 1. Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1992 ag bunú Chód Custaim an Chomhphobail a gcuirfear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(2) de: "2. (a) FRANCE The territory of the principality of Monaco as defined in the Customs Convention signed in Paris on 18 May 1963 (Official Journal of the French Republic of 27 September 1963, p. 8679) (b) CYPRUS The territory of the United Kingdom Sovereign Base Areas of Akrotiri and Dhekelia as defined in the Treaty concerning the Establishment of the Republic of Cyprus, signed in Nicosia on 16 August 1960 (United Kingdom Treaty Series No 4 (1961) Cmnd. 1252)"; 2. Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim 3. Rialachán (CEE) Uimh. 918/83 ón gComhairle an 28 Márta 1983 ag cur córas Comhphobail faoiseamh ó dhleacht chustaim ar bun; 4. Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 ón gCoimisiún an 2 Iúil 1993 ag leagan síos forálacha chun Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle ag bunú Chód Custaim an Chomhphobail a chur chun feidhme; 5. Rialachán (CEE) Uimh. 3677/90 ón gComhairle an 13 Nollaig 1990 ag leagan síos bearta le glacadh chun claonadh substaintí áirithe go monarú aindleathach drugaí támhshuanacha agus substaintí síceatrópacha a dhímholadh; 6. Treoir 92/109/CEE ón gComhairle an 14 Nollaig 1992 maidir le substaintí áirithe a úsáidtear i monarú aindleathach drugaí támhshuanacha agus substaintí síceatrópacha a mhonarú agus a chur ar an margadh; 7. Rialachán (CEE) Uimh. 3911/92 ón gComhairle an 9 Nollaig 1992 maidir le hearraí cultúrtha a onnmhairiú; 8. Rialachán (CE) Uimh. 3295/94 ón gComhairle an 22 Nollaig 1994 ag leagan síos bearta maidir le hiontráil isteach sa Chomhphobal ag earraí a sháraíonn cearta áirithe maoine intleachtúla agus lena n-onnmhairiú agus a n-athonnmhairiú ón gComhphobal; 9. Rialachán (CE) Uimh. 1367/95 ón gCoimisiún an 16 Meitheamh 1995 ag leagan síos forálacha cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 3295/94 ón gComhairle ag leagan síos bearta maidir le hiontráil isteach sa Chomhphobal ag earraí a sháraíonn cearta áirithe maoine intleachtúla agus lena n-onnmhairiú agus a n-athonnmhairiú ón gComhphobal; 10. Rialachán (CE) Uimh 1334/2000 ón gComhairle an 22 Meitheamh 2000 ag cur córas Comhphobail ar bun chun onnmhairí míreanna agus teicneolaíochta dé-úsáide a rialú. CUID A DÓ 1. Séú Treoir 77/388/CEE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1977 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le cánacha láimhdeachais — Comhchóras cáin bhreisluacha: aonbhonn measúnachta: (a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre d'Airteagal 3(4): - the conventions and treaties which the Principality of Monaco and the Isle of Man have concluded respectively with the French Republic and the United Kingdom of Great Britain and Northern Ireland, - the Treaty concerning the Establishment of the Republic of Cyprus, the Principality of Monaco, the Isle of Man and the United Kingdom Sovereign Base Areas of Akrotiri and Dhekelia shall not be treated for the purpose of the application of this Directive as third territories." (b) leasófar an dara fomhír d'Airteagal 3(4) trí thríú fleasc a chur leis mar a leanas: "— the United Kingdom Sovereign Base Areas of Akrotiri and Dhekelia are treated as transactions originating in or intended for the Republic of Cyprus." 2. Treoir 92/12/CEE ón gComhairle an 25 Feabhra 1992 maidir leis na socruithe ginearálta do tháirgí atá faoi réir dleacht mháil agus ar tháirgí den sórt sin a shealbhú agus a bhogadh agus faireachán a dhéanamh orthu: leasófar Airteagal 2(4) trí chúigiú fleasc a chur leis mar a leanas: "— the United Kingdom Sovereign Base Areas of Akrotiri and Dhekelia are treated as transactions originating in or intended for the Republic of Cyprus." CUID A TRÍ 1. Leasófar Airteagal 135 de Rialachán (CEE) Uimh. 918/83 ón gComhairle an 28 Márta 1983 ag cur córas Comhphobail faoiseamh ó dhleacht chustaim ar bun trí phointe (d) nua a chur leis mar a leanas: "(d) by the United Kingdom of the reliefs on importations of goods for the use of its forces or the civilian staff accompanying them or for supplying their messes or canteens resulting from the Treaty of Establishment concerning the Republic of Cyprus, dated 16 August 1960". 2. Leasófar Séú Treoir 77/388/CEE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1977 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le cánacha láimhdeachais — Comhchóras cáin bhreisluacha: aonbhonn measúnachta: (a) trí cheathrú fleasc a chur isteach in Airteagal 14(1)(g) mar a leanas: "— The exemptions set out in the third indent, shall extend to imports by and supplies of goods and services to the forces of the United Kingdom stationed in the island of Cyprus pursuant to the Treaty of Establishment concerning the Republic of Cyprus, dated 16 August 1960, which are for the use of the forces or the civilian staff accompanying them or for supplying their messes or canteens". (b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad Airteagal 17(3)(b): "(b) transactions which are exempt under Article 14(1)(g) and (i) and under Articles 15, and 16(1)(B) and (C), and paragraph 2". 3. Leasófar an chéad fhomhír d'Airteagal 23(1) de Threoir 92/12/CEE ón gComhairle an 25 Feabhra 1992 maidir leis na socruithe ginearálta do tháirgí atá faoi réir dleacht mháil agus ar tháirgí den sórt sin a shealbhú agus a bhogadh agus faireachán a dhéanamh orthu trí fhleasc nua a chur léi, mar a leanas: "— for the armed forces of the United Kingdom stationed in the island of Cyprus pursuant to the Treaty of Establishment concerning the Republic of Cyprus dated 16 August 1960, for the use of those forces, for the civilian staff accompanying them or for supplying their messes or canteens". CUID A CEATHAIR 1. Sa Phrótacal seo: (a) ciallaíonn "teorainneacha seachtracha na Limistéar Bunáite Flaitheasach" a dteorainneacha mara agus a n-aerfoirt agus a gcalafoirt, ach ní chiallaíonn sé a dteorainneacha talaimh nó mara le Poblacht na Cipire; (b) ciallaíonn "pointí trasnaithe" aon phointe trasnaithe arna údarú ag údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe chun teorainneacha seachtracha a thrasnú. 2. Ní cheadóidh an Ríocht Aontaithe trasnú theorainneacha seachtracha na Limistéar Bunáite Flaitheasach ach amháin ag pointí trasnaithe. 3. (a) Ní cheadófar do náisiúnaigh thríú tíortha teorainneacha seachtracha na Limistéar Bunáite Flaitheasach a thrasnú ach amháin — (i) má tá doiciméad bailí taistil ina seilbh acu; (ii) má tá víosa bhailí do Phoblacht na Cipire ina seilbh acu, más gá; (iii) má tá siad ag gabháil do ghníomhaíocht a bhaineann le cosaint nó más ball de theaghlach duine atá ag gabháil do ghníomhaíocht den sórt sin iad; agus (iv) mura bagairt iad don tslándáil náisiúnta. (b) Ní fhéadfaidh an Ríocht Aontaithe maolú ar na coinníollacha sin ach amháin ar fhorais daonchairdis, ar fhorais leasa náisiúnta nó chun a hoibleagáidí idirnáisiúnta a chomhall. (c) Chun críocha an ghealltanais in (a)(ii) cuirfear cóir ar bhaill fórsa, baill den phearsanra sibhialtach agus cleithiúnaithe, mar atá sainithe in Iarscríbhinn C a ghabhann leis an gConradh Bunaíochta, amhail nach gá víosa dóibh i bPoblacht na Cipire. 4. Déanfaidh an Ríocht Aontaithe seiceálacha ar dhaoine ag trasnú theorainneacha seachtracha na Limistéar Bunáite Flaitheasach. Áireofar doiciméid taistil a fhíorú ar na seiceálacha sin. Déanfar seiceáil amháin den sórt sin ar a laghad ar gach duine chun a aitheantas a shuíomh. 5. Bainfidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe úsáid as aonaid shoghluaiste chun faireachán a dhéanamh ar theorainneacha seachtracha idir pointí trasnaithe teorann agus ag pointí trasnaithe taobh amuigh de ghnáthuaireanta oscailte. Déanfar an faireachán sin ar dhóigh a dhímholfaidh daoine ó thimpeallú na seiceálacha ag pointí trasnaithe. Déanfaidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe dóthain oifigeach atá cáilithe go cuí a imscaradh chun seiceálacha agus faireachán a dhéanamh feadh theorainneacha seachtracha na Limistéar Bunáite Flaitheasach. 6. Coimeádfaidh údaráis na Ríochta Aontaithe dlúthchomhar buan ar bun le húdaráis Phoblacht na Cipire d'fhonn seiceálacha agus faireachán a chur chun feidhme go héifeachtach. 7. (a) Iarratasóir ar thearmann a rinne iontráil i dtosach ar oileán na Cipire ó thaobh amuigh den Chomhphobal Eorpach trí cheann de na Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha, glacfar ar ais go dtí na Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha é nó ligfear ar ais iontu é arna iarraidh sin ag an mBallstát den Chomhphobal Eorpach ar ar a chríoch atá an t-iarratasóir. (b) Agus aird á tabhairt aici ar dhálaí daonchairdis, oibreoidh Poblacht na Cipire leis an Ríocht Aontaithe d'fhonn teacht ar bhealaí agus modhanna praiticiúla chun cearta iarratasóirí ar thearmann agus imirceach neamhdhleathach sna Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha a urramú agus a riachtanais a chomhall, i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha de chuid Riarachán na Limistéar Bunáite Flaitheasach. -------------------------------------------------- DEARBHÚ ÓN gCOIMISIÚN EORPACH Deimhnníonn an Coimisiún Eorpach a thuiscint go n-áirítear ar forálacha dhlí an Chomhphobail is infheidhme maidir leis na Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha de bhun Airteagal 3(a) den Phrótacal (a) Rialachán (CE) Uimh. 3448/93 ón gComhairle an 6 Nollaig 1993 ag leagan síos na socruithe trádála is infheidhme maidir le hearraí áirithe a thig ó tháirgí talmhaíochta a phróiseáil; (b) Rialachán (CE) Uimh. 1260/1999 ón gComhairle an 21 Meitheamh 1999 ag leagan síos forálacha ginearálta maidir leis na Cistí Struchtúracha, a mhéad a cheanglaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1257/1999 ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach um Threoraíocht agus Ráthaíocht Talmhaíochta (CETRT) chun bearta forbartha tuaithe a mhaoiniú sna Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha faoi Roinn Ráthaíochta CETRT. --------------------------------------------------