12003T/AFI/DCL/38



Official Journal L 236 , 23/09/2003 P. 0983 - 0983


38. Dearbhú ó Phoblacht na Polainne maidir le hiomaíochas i dtáirgeadh torthaí áirithe sa Pholainn

Tugann an Pholainn dá haire gur féidir go mbeidh de thoradh ar chomhtharaif chustaim an AE a fholú ar an bPolainn iarmhairt chodarsnach láithreach ar iomaíochas táirgeoirí Polannacha torthaí boga, silíní géara agus úll. Má thagann deacrachtaí chun cinn tar éis an aontachais atá tromchúiseach agus ar dóigh dóibh maireachtáil sna hearnálacha sin, iarrfaidh an Pholainn an clásal ginearálta um choimirce a chur i bhfeidhm go práinneach agus iarrfaidh sí go nglacfar ionstraimí chun gur féidir suaití iomaíochais in earnáil na dtorthaí boga, na silíní géara agus na n-úll a dhíchur go buan.

--------------------------------------------------